Tá freagra eile i mBéarla tugtha ar cheist Dála i nGaeilge ag aire rialtais ar gabhadh leithscéal ar a shon nuair a rinne sé an rud céanna cúpla mí ó shin.
Chuir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, ceist i nGaeilge ar an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an tseachtain seo caite maidir leis na socruithe atá déanta ina roinn ó thaobh na Gaeilge, ach is a mBéarla a tugadh freagra air.
Chuir Ó Snodaigh, cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, an cheist chéanna ar na ranna rialtais eile agus is í an Roinn Comhshaoil an t-aon cheann díobh ar theip uirthi freagra i nGaeilge a thabhairt.
An lá tar éis dóibh an freagra Béarla a thabhairt, thug an Roinn Comhshaoil freagra i nGaeilge ar cheist Uí Shnodaigh.
Tá sé tugtha le fios ag Ó Snodaigh do Tuairisc.ie go bhfuil sé chun gearán a dhéanamh faoin scéal le Ceann Comhairle na Dála.
Níl ann ach cúpla mí ó dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur “masla” dó féin agus don Ghaeilge go raibh freagraí i mBéarla tugtha ag an Aire Eamon Ryan ar cheisteanna a cuireadh air i nGaeilge.
Bhí Ó Snodaigh chun gearán a dhéanamh leis an gCeann Comhairle ag an am ach ní dhearna sé sin mar gur ghabh an Roinn Comhshaoil leithscéal faoin scéal agus toisc gur thug siad gealltanas nach dtarlódh a leithéid arís.
Nuair a tharla an chéad eachtra mí Mheán Fómhair, dúirt Ó Snodaigh gurbh é sin an chéad uair ó toghadh é in 2002 go bhfuair sé freagra Béarla ar cheist Dála i nGaeilge ach taobh istigh de dhá mhí, tá an rud céanna déanta arís ag an Roinn chéanna.