Is í an Nollaig féile an tsolais agus muid ag iarraidh ardú meanman ó ghruaim na haicíde agus dorchadas an gheimhridh. Chuaigh na grianghrafadóirí Manuela Dei Grandi, Seán Ó Mainnín agus Tommy Curran timpeall Chorca Duibhne, Chonamara agus Ghaoth Dobhair féachaint conas mar a mhaisigh muintir na háite sin a dtithe féin.
Féile an tsolais. Teach i Lios Póil. Pictiúr: Manuela Dei GrandiTá an réinfhia ag faire sna fuinneoga sa teach seo i mBaile an Fheirtéaraigh. Pictiúr: Manuela Dei GrandiGrianán maisithe i mBaile an Fheirtéaraigh Pictiúr: Manuela Dei GrandiGairdín lasta go gléigeal. Daingean Uí Chúis. Pictiúr: Manuela Dei GrandiScáil na soilse sa lochán uisce. An Mhuiríoch. Pictiúr: Manuela Dei GrandiBinn tí sa Mhuiríoch. Pictiúr: Manuela Dei GrandiDaingean Uí Chúis. Pictiúr: Manuela Dei GrandiGarraí na dTor. Pictiúr: Manuela Dei GrandiGarraí na dTor. Pictiúr: Manuela Dei GrandiSiopa bláthanna draíochtúil ‘Tí Mhistéil’, ar an gCeathrú Rua. Pictiúr: Seán Ó MainnínSoilse ag spréacharnach ar theach sa Tuairín i gConamara. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Soilse na Nollag ar na crainnte i gConamara. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ieCrann Nollag faoina shoilse ildaite i leantóir leoraí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ieUirlisí feirme lasta faoi shoilse na Nollag i nDoire Fhatharta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ieRúdolf agus a shrón dhearg i ngairdín i gCladhnach, an Cheathrú Rua, Conamara. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ieSceacha faoi shoilse draíochta i mBéal an Daingin, Conamara, agus an firín beag é féin lasta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ieAn teach seo ag fógairt na Nollag go lonrach i Leitir Móir, Conamara. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ieTá Daidí na Nollag ag faire ort ar an gCeathrú Rua! Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ieÍomhánna Nollag ar bhinn tí i Leitir Móir. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ieTeach agus an gairdín i nDoire Fhatharta, Conamara, réidh don Nollaig. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ieSceach ildaite i mBéal an Daingin, ConamaraGaoth Dobhair lasta i gcomhair na Nollag. Pictiúr: Tommy CurranGairdín atá maisithe don Nollaig i nGaoth Dobhair. Pictiúr: Tommy CurranDaidí na Nollag i nGaoth Dobhair. Pictiúr: Tommy CurranSiopa crua-earraí ag fógairt na Nollag. Pictiúr: Tommy CurranCrann Nollag órga i nGaoth Dobhair. Pictiúr: Tommy CurranSolas geal na Nollag, Gaoth Dobhair. Pictiúr: Tommy Curran