Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tus-a-chur-le-hathfhorbairt-cholaiste-iosagain-tar-eis-fanacht-30-bliain

Tús á chur le hathfhorbairt Choláiste Íosagáin tar éis fanacht 30 bliain

Tiocfaidh deireadh an tseachtain seo chugainn le scéal fada cráite Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Chorcaí agus tús á chur le forbairt shuíomh an fhoirgnimh atá díomhaoin le breis is 30 bliain.

D’fhógair Údarás na Gaeltachta maidin inniu go bhfuil na conarthaí oibre sínithe acu agus go mbeifear ag tosú ar an an réamhobair ar athfhorbairt champas Choláiste Íosagáin an tseachtain seo chugainn.

Tá Coláiste Íosagáin, atá ar cheann de na foirgnimh is cáiliúla sa Ghaeltacht, le forbairt mar mhol forbartha gnó, fiontraíochta agus teicneolaíochta.

Ag obair ar shuíomh an choláiste a bheifear ar dtús agus beidh an obair sin ar siúl go dtí deireadh na chéad ráithe den bhliain seo chugainn. Is ansin a chuirfear tús leis mórobair athfhorbartha ar Choláiste Íosagáin féin.

Beidh tógálaithe, innealtóirí sibhialta agus struchtúrtha, suirbhéirí cainníochta, innealtóirí seirbhísí foirgníochta, éiceolaithe agus seandálaithe ag dul i mbun oibre ar an suíomh an tseachtain seo chugainn.

Fógraíodh níos túisce i mbliana go raibh €2.7 milliún curtha ar fáil faoin gCiste um Fhorbairt Fiontraíochta Réigiúnaí d’fhorbairt an fhoirgnimh. Cuirfidh Údarás na Gaeltachta €1 milliún ar fáil don togra.

In 2019 cuireadh €180,000 ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun plean a réiteach d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin.

In ainneoin moltaí agus geallúintí go leor, tá Coláiste Íosagáin folamh ó 1989.

Táthar ag súil le tús a chur sna seachtainí amach romhainn leis an bpróiseas earcaíochta do Bhainisteoir Forbartha Fiontraíochta agus Bainisteoir Forbartha Oiliúna, an chéad bheirt a bheidh fostaithe sa mhol nua a bhfuil súil é a bheith críochnaithe faoi dheireadh 2021.

Tá Údarás na Gaeltachta, a chuir fáilte mhór roimh fhógra an mhaoinithe, ag súil go dtacóidh an fhorbairt le 200 post nua a chruthú sa cheantar sna blianta amach romhainn.

An chéad dá urlár i bpríomhfhoirgneamh an champais atá i gceist leis an bhforbairt, agus is ann a bheidh oifig réigiúnach Údarás na Gaeltachta feasta.

Is mó forbairt agus togra a bhí luaite leis an bhfoirgneamh ó 1989 agus fógraíodh i dtús na mílaoise go raibh €1.5 milliún curtha ar fáil chun é a fhorbairt mar lárionad oideachais lán-Ghaeilge.

Dúirt an t-aire oideachais Michael Woods ag an am go mbeadh forbairt an ionaid oideachais “ar cheann de na forbairtí ba shuntasaí i stair an oideachais Ghaeilge” ach caitheadh an plean i dtraipisí.

Gealladh arís i Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, a foilsíodh in 2010, go ndéanfaí lár-ionad oideachais den fhoirgneamh, ach dála na bpleananna eile go léir níor cuireadh an plean sin i gcrích ach oiread.

Baineadh leas as Coláiste Íosagáin don scannán Song for a Raggy Boy.

Cheannaigh Údarás na Gaeltachta an suíomh 2.5 acra in 2002.

Chuir  Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair “fáilte chroíúil” roimh an scéala go bhfuil an obair ar shuíomh Choláiste Íosagáin ag tosú an tseachtain seo chugainn.

“Seod oidhreachta atá i gColáiste Íosagáin do Ghaeltacht Mhúscraí agus cuirfidh an togra go mór le cúrsaí Gaeilge, cultúrtha agus oidhreachta sa cheantar, mar a rinne an Coláiste nuair a bhí sé i mbarr a réime,” a dúirt  Anna Ní Ghallachair.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go gcuirfeadh an togra “deiseanna iontacha ar fáil don réigiún”.

“Áis luachmhar agus tuar dóchais atá ann don réigiún sna blianta amach romhainn agus a bheidh lárnach i straitéis nua na heagraíochta atá á fhorbairt don tréimhse 2021-2025. Cuirfidh an mol réigiúnach agus na tailte thimpeall ar an gcampas go mór le saol an cheantair agus pobal na Gaeltachta,” arsa Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Údarás na Gaeltachta le tacaíocht Enterprise Ireland, Comhairle Contae Chorcaí, Coláiste Ollscoile Chorcaí, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí agus páirtnéirí eile a bheidh i mbun na forbartha ar an bhfoirgneamh a bhíodh tráth ina choláiste ullmhúcháin lán-Ghaeilge.

Nuair a rinneadh an fógra is déanaí faoin bhfoirgneamh i mí Eanáir 2020, dúirt an t-iar-aire talmhaíochta Michael Creed go gcuirfeadh an fhorbairt nua “croí nua” i gColáiste Íosagáin

“Is iomaí bréagmhaidneachan a bhí againn sa chás seo, ach tá áthas orm go bhfuil togra faoi dheireadh againn a chinnteoidh go mairfidh Coláiste Íosagáin,” arsa Michael Creed.

Níos mó