Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil seachtar eile básaithe de dheasca an choróinvíris. Deimhníodh 1,372 cás nua den ghalar.
Tá 688 duine a raibh Covid-19 orthu tar éis bháis go dtí seo mí Eanáir.
1,905 duine a bhfuil an coróinvíreas orthu a bhí sna hospidéil tráthnóna agus bhí 219 acusan in aonad dianchúraim, duine amháin níos mó ná inné.
Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET go bhfuil “feabhas an-sciobtha” ag teacht ar chúrsaí ó thaobh líon na gcásanna den ghalar sa phobal.
Dúirt Nolan go raibh líon na ndaoine atá á gcur san ospidéal gach lá de dheasca an víris ag laghdú le coicís anuas ach, mar sin féin, mheas sé go mbeadh líon na ndaoine in aonaid dianchúraim an-ard i gcónaí ar feadh roinnt seachtainí eile.
Dúirt an tOllamh Nolan ó NPHET gur dócha go mbeadh thart 1,000 othar Covid-19 fós sna hospidéil gach lá faoi dheireadh na míosa seo chugainn agus gur os cionn 100 duine a bheidh i gceist i gcás líon na n-othar san ICU an uair sin
Bhain 164 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 75 cás a bhí i bPort Láirge 45, cás a bhí i gcontae na Mí agus 34 cás a bhí i Maigh Eo. Bhain 26 cás le Gaillimh, 18 cás a bhí i nDún na nGall agus 15 cás a bhí i gCiarraí.
Bhain 502 den 1,372 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.
Tá ráta coicíse an ghalair faoi bhun 1,000 den tríú lá as chéile agus laghdú 8-10% ag teacht ar fhás an ghalair in aghaidh an lae. Ráta 766 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí i gceist inniu.
Tá an dara ráta is airde sa stát i Maigh Eo faoi láthair – 1,214. Ráta 991 a bhí i bPort Láirge, 813 a bhí i nGaillimh 739 a bhí i nDún na nGall agus 734 a bhí i gcontae na Mí. Ráta 703 a bhí i gCorcaigh agus 404 a bhí i gCiarraí.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly go mbeifear ag cur na vacsaíní ar fáil don tríú grúpa i gclár vacsaínithe an Rialtais an chéad mhí eile.
Faoi Straitéis Dáilte Vacsaíne an Rialtais, is san ord seo a chuirfear an tsnáthaid ar fáil do dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois: 85 agus os a chionn, 80-84, 75-79, 70-74.
Is iad na daoine atá 85 nó os cionn an chéad dream eile a gheobhaidh an vacsaín agus na dochtúirí teaghlaigh ina gclinicí a bheidh á tabhairt dóibh.
Nuair a bheidh ceadúnas faighte ag AstraZeneca, tosófar ar an ngrúpa sin, cé go bhféadfadh moill a bheith ar an soláthar.
Dúirt an tAire Donnelly go mbeadh ualach de vacsaín AstraZeneca ag teacht chugainn mí Feabhra, cé go mbeidh sé níos lú ná mar a bhí ordaithe. Meastar gur sa Mhárta is measa a bheidh laghdú ar an méid den vacsaín sin a gheofar sa tír seo.
“Tabharfar tosaíocht do na daoine sa tsochaí is leochailí don Covid-19 ó tharla an soláthar vacsaíní a bheith teoranta,” a dúirt an tAire.
Tá feachtas eolais á ullmhú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don phobal ionas go mbeidh a fhios ag gach duine roimh ré cá bhfaighidh sé an tsnáthaid, cén áit agus cén chaoi le dul ar a tóir.
Tá 143,000 dáileog tugtha den phobal sa stát go dtí seo, de réir na staitisticí is deireanaí.
182,355 dáileog atá tugtha i dTuaisceart Éireann go dtí seo agus an dara dáileog faighte ag 22,732 duine ann.
Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 17 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Fógraíodh 422 cás nua den ghalar ansin níos túisce tráthnóna.
828 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt. Tá 74 díobhsan in aonaid dianchúraim.
289,664 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 188,923 cás ó dheas den teorainn agus 100,741 cás ó thuaidh di.
4,724 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,977 duine ó dheas den teorainn agus 1,747 duine ó thuaidh di.