Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil breis agus trí scór duine eile curtha den saol ag an Covid-19.
Fógraíodh inniu go raibh 61 duine eile básaithe de dheasca an víris. Bhain 58 de na básanna le mí Eanáir.
2,488 cás nua den ghalar a deimhníodh tráthnóna.
1,923 duine a bhfuil an coróinvíreas orthu atá sna hospidéil agus tá 210 acusan in aonad dianchúraim, an líon is mó riamh agus ochtar níos mó ná mar a bhí ann inné.
Bhain 314 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 148 cás a bhí i nGaillimh agus 130 cás a bhí i gcontae na Mí.
Bhí 95 cás i bPort Láirge, 87 cás a bhí i Maigh Eo, 84 cás a bhí i nDún na nGall agus 53 cás a bhí i gCiarraí.
Bhí 726 den 2,488 cás a fógraíodh inniu i mBaile Átha Cliath.
Tá ráta coicíse an ghalair tite arís go dtí 1,222.8 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát, síos ó 1,334.6 inné.
Tá Port Láirge anois ar an dara contae is measa sa stát ó thaobh ráta an Covid-19 de, áit amháin chun deiridh ar Mhuineachán. Ráta 1,792 a bhí i bPort Láirge de réir na bhfigiúirí is deireanaí.
Ráta 1,550 a bhí i Maigh Eo, 1,280 a bhí i gCorcaigh agus 1,190 a bhí i nDún na nGall. Ráta 1,042 a bhí i nGaillimh, 1,013 a bhí i gcontae na Mí, agus 796 a bhí i gCiarraí.
Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 22 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.
Fógraíodh 905 cás nua den ghalar níos túisce tráthnóna.
832 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt. Tá 67 díobhsan in aonaid dianchúraim.
276,943 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 179,324 cás ó dheas den teorainn agus 97,619 cás ó thuaidh di.
4,439 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,768 duine ó dheas den teorainn agus 1,671 duine ó thuaidh di.