![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘sceal-na-gaeilge’-alan-titley-ar-fail-ar-youtube-anois](/wp-content/themes/yootheme/cache/00/33995-sceal-na-gaeilge-alan-titley-ar-fail-ar-youtube-anois-0007ab79.png)
‘Scéal na Gaeilge’ Alan Titley ar fáil ar YouTube anois
Tá an clár iomráiteach teilifíse Scéal na Gaeilge, a craoladh den chéad uair ar TG4 tuairim is naoi mbliana ó shin, curtha ar fáil ag lucht a léirithe, ROSG, saor in aisce ar YouTube. Ba é an scoláire aitheanta Gaeilge Alan Titley a chuir an clár fianaise ar stair na Gaeilge i láthair agus thuill an léiriúchán ardmholadh nuair a craoladh ar dtús é.
Tá an clár, a craoladh ina dhá chuid ar an teilifís in earrach na bliana 2012, roinnte ina shé chuid ag ROSG agus curtha ar a leathanach YouTube acu. Clár faisnéise ar stair na Gaeilge ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann atá ann agus tugann Alan Titley inseacht bhríomhar bheoga ar scéalta stairiúla agus miotasacha a bhfuil baint ag an teanga leo.
Meascán de scannánaíocht bheo i láithreacha stairiúla timpeall na hÉireann, míreanna beochan, agus an dá rud in éindí atá sa chlár. Thart ar fhiche nóiméad an ceann a mhaireann na sé mhír atá curtha ar YouTube ag ROSG, agus deir an comhlacht go bhfuil súil acu gur “áis spéisiúil” a bheidh sa chlár “d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus mic léinn meáin scoile”.