Léiríonn eoals nua cé chomh mór agus atá TG4 ag brath ar chláir spóirt agus cláir cheoil chun lucht féachana a mhealladh, fiú i gcás clár Gaeilge nó dátheangach.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo le déanaí gur craoltaí ar chluichí agus ar cheolchoirmeacha iad formhór na gclár is mó lucht féachana a craoladh ar TG4 in 2020.
Nuair a chuirtear na cláir sin as an áireamh, áfach, is cláracha faisnéise faoi cheoltóirí agus lucht spóirt is mó a thuill lucht féachana don stáisiún Gaeilge anuraidh.
Ba é an clár faisnéise Liam O’Flynn – Píobaire an clár ba mhó a mheall kucht féachana do TG4 in 2020, taobh amuigh de chluichí beo agus ceolchoirmeacha.
D’fhéach 81,500 duine ar an meán ar an gclár sin nuair a craoladh den chéad uair é mí Aibreáin. D’fhéach níos mó daoine (61,000) ar athchraoladh an chláir Lá Fhéile Stiofáin ná mar a d’fhéach ar fhormhór na gclár Gaeilge agus dátheangach eile a bhí ar TG4 in 2020. Bhí an t-athchraoladh sa chúigiú háit ar an liosta de na cláir Ghaeilge nó dhátheangacha a bhí ar TG4.
Ba é Liam O’Flynn – Píobaire an clár ba mhó ar féachadh ar sheinnteoir TG4 in 2020 chomh maith.
Sa dara háit ar liosta na gclár Gaeilge is mó lucht féachana ar TG4 in 2020 bhí an clár sa tsraith Laochra Gael a rinne cur síos ar shaol agus laethanta imeartha Iggy Clarke. Bhí clár Laochra Gael faoi iarchúl báire Átha Cliath, Clíodhna O’Connor, sa cheathrú háit agus bhí athchraoladh ar chlár Iggy Clarke san 11ú háit.
Ní raibh aon chlár a bhain le cúrsaí nuachta nó cúrsaí reatha i measc na gclár Gaeilge agus dátheangach ba mhó a thuill lucht féachana in 2020.
De réir na bhfigiúirí a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc.ie, cláir faoi lucht ceoil iad ceithre cinn de na deich gclár ba mhó lucht féachana, cláir faoin spórt iad ceithre cinn eile agus bhain dhá chlár le réalta scannán, Maureen O’Hara – Banríon Hollywood agus Fear darb ainm Harris.
Bhí dhá chlár sa tsraith Hector Africa – A go Z le Hector Ó hEochagáin, ar fhéach 55,000 agus 51,000 duine ar an meán orthu, i measc an 20 clár ba mhó lucht féachana agus iad san 11ú háit agus sa 13ú háit. Bhain eagrán den tsraith An Bhoirinn áit amach ar an liosta chomh maith le 52,000 duine, lucht féachana a thuill an 12ú háit dó.
Rinne cláracha ceoil thraidisiúnta ina mbíonn roinnt Gaeilge le cloisteáil, amhail Fleadh Cheoil agus Ceiliúradh na Féile Pádraig, go maith ó thaobh lucht féachana a mhealladh chomh maith ach níor cuireadh san áireamh iadsan ná ceolchoirmeacha eile ar liosta seo na gclár Gaeilge.
ClárDátaMeán (000)Aimsiú (000)Sciar (%)Liam O’Flynn, Píobaire04-12822266Laochra Gael – Iggy Clarke29-037415510Maureen O’Hara, Banríon Hollywood25-12732015Laochra Gael – Clíodhna O’Connor12-066310510Liam O’Flynn – Píobaire26-12611844Val Doonican, An Fear a Shiúil go hArd15-04601574Slí na mBeaglaoich05-10581354Laochra Gael – Iggy Clarke26-03571364The Geansaí04-12561057Fear darb ainm Harris01-01551214
Bhí meánsciar 1.83% den lucht féachana ag an stáisiún in 2020, laghdú beag ón 1.84% a bhí acu an bhliain roimhe sin.
Fágann na figiúirí is deireanaí go bhféachann níos mó daoine in Éirinn anois ar TG4 ná mar a fhéachann ar BBC Two, Virgin Media Three agus Channel 4 agus go bhfuil RTÉ 1, RTÉ 2, Virgin Media One, Virgin Media Two agus BBC 1 chun cinn air.