Tá ráite ag foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta leis an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go bhfuil “creimeadh” á dhéanamh ar an tseirbhís a chuireann siad ar fáil mar gheall ar easpa acmhainní.
Deirtear in aighneacht a chuir baill an NUJ i RnaG faoi bhráid an Choimisiúin gurb í an Ghaeilge céad-teanga oifigiúil an Stáit agus go bhfuil dualgas ar an Rialtas dá réir maoiniú ar comhchéim a chur ar fáil do chraoltóireacht na Gaeilge agus an Bhéarla.
Maítear san aighneacht go bhfuil 30-40% níos lú daoine ag obair i RnaG ná mar a bhí in 2008.
Tá “bearnaí móra” dá réir sa tseirbhís a deirtear agus gan dóthain daoine ann le freastal ar “riachtanais an stáisiúin”.
Deirtear chomh miath gur chóir go gcuirfí foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar comhphá lena gcomhghleacaithe in RTÉ.
Tá an neamhréir idir an pá a fhaigheann iriseoirí i Raidió na Gaeltachta agus iriseoirí RTÉ agus Nuacht TG4 ina cnámh spairne le fada.
“Ó thaobh tuarastail de, níl an fhoireann sa stáisiún á híoc ar chomhchéim le oibrithe eile ar fud RTÉ, TG4 san áireamh, mar sin tá RnaG ar an ngannchuid ar roinnt bealaí éagsúla,” a deirtear san aighneacht.
Maítear gur chóir níos mó “smachta” a bheith ag Raidió na Gaeltachta ar a ngnóthaí féin chomh maith.
“Teastaíonn méadú suntasach ar bhuiséad RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ba cheart go mbeadh sé sin faoi smacht agus stiúir na heagraíochta féin. Ina thaobh seo, ba dhea-chleachtas a bheadh ann dá gcuirfí ceannasaí airgeadais sa stáisiún, mar a bhíodh san am a caitheadh, a bheadh ag plé go hiomlán le gnóthaí airgeadais RnaG, neamhspleách ó RTÉ.”
Maítear gurb é RTÉ Raidió na Gaeltachta “an tobar is tábhachtaí” atá ag pobal na hÉireann ó thaobh na teanga ach nach féidir aon fhorbairt a dhéanamh air ceal acmhainní. “Caillteanas mór é seo don phobal éisteachta san am amach romhainn,” a deirtear san aighneacht a chuir foireann RnaG faoi bhráid an Choimisiúin Um Thodhchaí na Meán.
Tá Raidió na Gaeltachta luaite uair amháin san aighneacht atá curtha ag RTÉ féin faoi bhráid an Choimisiúin:
“As an integral part of the Irish language community in the west of Ireland, Raidió na Gaeltachta provides a contemporary radio service for Irish speakers, both in the Gaeltacht and beyond.”
Luaitear an Ghaeilge chomh maith in aighneacht RTÉ agus deirtear go bhfuil “Irish-language programming, national sports and national games, and national cultural programming and features.. central to RTÉ’s role and remit.”