Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-failte-curtha-roimh-‘an-dul-chun-cinn’-sa-dail-faoi-chearta-teanga 

Fáilte curtha roimh ‘an-dul chun cinn’ sa Dáil faoi chearta teanga 

| Tuairisc.ie |

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge agus sochtheangeolaí aitheanta roimh gheallúintí atá déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta maidir le cearta teanga an phobail a neartú i reachtaíocht nua.

Gheall Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil tráthnóna inné go gcuirfeadh sé leasuithe reachtaíochta chun cinn i leith úsáid na Gaeilge i gcúrsaí fógraíochta, margaíochta agus i gcás ainmneacha agus seoltaí daoine.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gurb é an lá inné an lá ba mhó “dul chun cinn” ó thaobh Acht na dTeangacha ó thosaigh céim an choiste den bhille an mhí seo caite.

Maidir le geallúint Chambers go gcuirfeadh sé leasú chun cinn a leagfadh dualgas ar an Stát fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge, dúirt an sochtheangeolaí aitheanta John Walsh gur dul chun cinn an-mhór a bheidh ann má dhéanann an tAire Stáit beart de réir a bhriathair.

“Is maith gur tháinig an tAire Stáit Jack Chambers ar athrú intinne faoin gceist seo. Léiríonn an taithí ó thús na paindéime go raibh an Ghaeilge in áit na leathphingine agus gur beag di a úsáideadh i bhfógraíocht sna meáin chumarsáide, meáin na Gaeilge san áireamh.

“Chruthaigh an bhearna mhór seo in Acht 2003 go leor deacrachtaí le feiceálacht an Gaeilge in imeacht na mblianta agus fágadh ar lár ar fad í i bhfógraí tábhachtacha faoin tsláinte phoiblí le bliain anuas. Is gá a chinntiú anois go mbeidh dualgas le dealramh ar chomhlachtaí stáit fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge.”

Dúirt an Dr Walsh go gcaithfí a chinntiú sa Bhille go ndéanfaí fógraíocht i nGaeilge sna meáin Ghaeilge chomh maith.

“Caithfear na meáin chumarsáide go léir a chur san áireamh ionas go gcuirfear fógraíocht Ghaeilge i láthair an phobail mhóir ach ní mór a chinntiú go bhfaighidh na meáin Ghaeilge buntáiste ar leith as an ioncam breise fógraíochta a chruthóidh an leasú seo. Is ceart go gclúdódh an leasú seo feachtais náisiúnta bholscaireachta a bhfuil tábhacht ar leith leo, leithéidí an chláir vacsaínithe mar shampla,” arsa an Dr John Walsh.

An Dr John Walsh, OÉ, Gaillimh, ag plé cás na fógraíochta sa dlí teanga le baill de Choiste Gaeilge an Oireachtais mí na Samhna seo caite

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur “ar éigean a bhíonn aon Ghaeilge le clositeáil nó le léamh i bhfeachtais náisiúnta fógraíochta”. Chaithfí é sin a chur ina cheart trí dhualgas a leagan ar chomhlachtaí poiblí céatadán áirithe dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge agus céatadán áirithe den fhógraíocht sin a dhéanamh sna meáin Ghaeilge, arsa de Spáinn.

Baineann Bille na dTeangacha Oifigiúla leis an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na seirbhísí stáit. Tá ról tábhachtach ag an bhfógraíocht sna seirbhísí seo. Gheall mé go ndéanfaí leasú chun a chinntiú go gcuirfear den fhógraíocht sin ar fáil as Gaeilge. https://t.co/7Su9xCxI9w

— Jack Chambers TD (@jackfchambers) February 16, 2021

Gheall an tAire Stáit chomh maith go molfadh sé leasú a leagfadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a gcuid ábhar margaíochta a scaipeadh i nGaeilge agus i mBéarla.

Dúirt Julian de Spáinn gur geallúint thábhachtach a bhí ansin mar go gciallódh sé nach mbeadh cead níos mó ag comhlachtaí amhail An Post ábhar margaíochta faoina gcuid seirbhísí a scaipeadh i mBéarla amháin sa Ghaeltacht ná sa stát trí chéile.

Chuir Teachtaí Dála de chuid an fhreasúra agus de chuid an Rialtais fáilte inné roimh gheallúintí an Aire sa Dáil, mar a raibh a séú seisiún ag Coiste Oireachtais na Gaeilge chun na leasuithe ar an mBille Teanga nua a phlé.

Cuireadh an-bhrú ar Aire Stáit na Gaeltachta chomh maith inné an Bille Teanga nua a leasú le go mbeadh buncheart ag duine an leagan ceart Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh a úsáid agus é i mbun gnó leis an stát.

Cé go bhfuil moladh i mbille an Rialtais go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil a gcóras ríomhaireachta in ann déileáil leis an síneadh fada, tá go leor díolúintí ón dualgas sin sa bhille agus níl aon spriocdháta luaite leis.

I ndiaidh díospóireacht bhríomhar inar dhúirt polaiteoirí ón Rialtas agus ón bhfreasúra, Aindrias Ó Muineacháin (FF), Marc Ó Cathasaigh (CG) agus Pa Daly (SF) ina measc, gur ceart bunúsach é d’ainm agus do sheoladh cruinn a úsáid, ghéill Aire Stáit na Gaeltachta go gcuirfeadh sé spriocdháta sa bhille maidir le cathain a bheadh ar chomhlachtaí poiblí a bheith ábalta déileáil leis an síneadh fada.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur “céim an-dearfach” a bhí i ngeallúint an Aire Stáit go luafaí spriocdháta leis an gcuid sin den bille.

Níos mó