Tá imní léirithe arís faoin gcontúirt a bhaineann le cé Inis Oírr ó chinn ar bhád farantóireachta dul i dtír ansin ar maidin.
Ní raibh an bád farantóireachta ‘Banríon na Farraige’ de chuid Aran Island Ferries in ann teacht le cé Inis Oírr thart ar 8am maidin inniu agus tonnta ag briseadh ar chúl na céibhe.
Is fada é á mhaíomh go bhfuil athfhorbairt ag teastáil go géar ar ché an oileáin agus tá sé ráite anois arís go bhféadfadh daoine a bheith i mbaol mura dtabharfar faoin obair sin go luath.
Tá iarrtha ag an gcomharchumann áitiúil, Comhar Caomhán Inis Oírr go ngabhfadh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humpheys, i ngleic leis an bhfadhb “láithreach bonn”.
“Tá sláinte agus sábháilteacht na bpaisinéirí agus fhoireann an bháid go mór i mbaol,” arsa an comharchumann.
“Theastódh ón Aire Humphreys gníomhú láithreach bonn, mar tá daoine ag cur a mbeatha i mbaol agus gan aiféala a bheith orainn amach anseo má tharlaíonn aon timpiste thragóideach.”
Tá na hoibreacha atá beartaithe ar chéanna Inis Oírr agus Inis Meáin ina gcnámh spairne le fada.
Tugadh cead pleanála d’fhorbairt ché Inis Oírr in 2008 agus cé go raibh sé beartaithe tús a chur leis an obair in 2020, níl tús curtha léi go fóill.
D’ardaigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív scéal na cé sa Dáil anuraidh agus dúirt go “marófar duine éigin lá éigin’ mura ndéanfar forbairt uirthi.