Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-gealltanas-tugtha-ag-chambers-faoi-dhualgas-a-chur-ar-an-stat-fograi-a-dheanamh-i-ngaeilge 

Gealltanas tugtha ag Chambers faoi dhualgas a chur ar an Stát fógraí a dhéanamh i nGaeilge 

| Tuairisc.ie |

Tá geallta ag Aire Stáit na Gaeltachta go gcuirfidh sé leasú reachtaíochta chun cinn a leagfadh dualgas ar an Stát fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge.

Gheall Aire Stáit Jack Chambers an méid sin sa Dáil tráthnóna, mar a raibh a séú seisiún ag Coiste Oireachtais na Gaeilge chun na leasuithe ar an mBille Teanga nua a phlé.

Gheall an tAire Stáit chomh maith go molfadh sé leasú a leagfadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a gcuid ábhar margaíochta a scaipeadh i nGaeilge agus i mBéarla.

Chuir Teachtaí Dála de chuid an fhreasúra agus de chuid an Rialtais fáilte roimh gheallúintí an Aire.

Cé go dtugtar cead san Acht Teanga don Aire Gaeltachta rialacháin a dhéanamh faoi chúrsaí fógraíochta níor thapaigh aon Aire an deis sin ó foilsíodh an tAcht breis is 17 bliain ó shin.

Ó tharla nach ndearna aon Aire rialacháin, níl aon dualgas ar chomhlachtaí poiblí fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge.

Níor cheadaigh Oifig na mBillí leasú traspháirtí a d’fhágfadh go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% d’fhógraíocht an Stáit a dhéanamh i nGaeilge, ach rialaigh Cathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, go raibh an leasú in ord.

B’iad na Teachtaí Dála a chuir na leasuithe chun cinn i dtaobh na fógraíochta ná Aengus Ó Snodaigh, Pa Ó Dálaigh agus Mairéad Farrell (SF), Dara Calleary, Éamon Ó Cuív agus Aindrias Moynihan (FF), Joe McHugh, Fergus O’Dowd (FG) agus Marc Ó Cathasaigh (CG) agus Bríd Smith (PrB).

Tharraing na Teachtaí Dála siar a n-éileamh nuair a gheall an tAire Stáit Chambers go rachadh sé i gcomhairle leo agus leis an dréachtóir parlaiminte chun teacht ar fhoclaíocht eile do leasú nua faoi chúrsaí fógraíochta. 

Chuirfeadh sé féin an leasú sin chun cinn ag an gcéad chéim eile den bhille, céim na Tuarascála, a dúirt an tAire Stáit.

Dúirt sé gur ceist “an-tábhachtach” i ceist na fógraíochta stáit “ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de”.

Gheall an tAire Stáit chomh maith go gcuirfeadh sé leasú eile chun cinn ag céim na tuarascála den bhille a chuirfeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí ábhar margaíochta a scaipeadh i nGaeilge. 

Tá ceist na fógraíochta i mbéal an phobail ó thosach na paindéime agus feachtas eolais aonteangach geall leis á reáchtáil ag an Stát faoin Covid-19.

Dréachtaíodh rialacháin faoi chúrsaí fógraíochta le linn d’Éamon Ó Cuív a bheith ina aire Gaeltachta breisw is deich mbliana ó shin, agus d’iarr sé ar an Aire Stáit tráthnóna cóip de na rialacháin sin a chur ar fáil do Theachtaí Dála.

Dúirt Ó Cuív go raibh ceist ann le linn dó féin a bheith ina Aire faoi cé acu ar cheart nó nár cheart dualgas a bheith ann méid áirithe fógraíochta a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.

Dúirt sé go raibh sé sásta go raibh an chuma ar an scéal anois gur aontaigh daoine gur chóir a leithéid de dhualgas a leagan ar an Stát.

Níos mó