Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-imni-leirithe-faoi-shiollabais-nua-na-gaeilge-don-ardteist

Imní léirithe faoi shiollabais nua na Gaeilge don Ardteist

| Tuairisc.ie | ,

Tá imní léirithe ag eagraíochtaí oideachais agus Gaeilge faoin dá chúrsa nua Gaeilge atá le tabhairt isteach don Ardteist.

Foilsíodh an tseachtain seo an dá shiollabas nua – sonraíocht T1 do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 do scoileanna Béarla – ach tá grúpaí áirithe buartha nach dtabharfaidh daltaí le Gaeilge líofa faoin gcúrsa níos dúshlánaí mura mbeidh pointí breise acu mar chúiteamh.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go bhfuil siad “an-bhuartha” faoi phleananna nuafhoilsithe na Roinne Oideachais.

“Cúis imní dúinn é nach bhfuil aon rud ann chun daoine a mhealladh i dtreo an T1 a roghnú,” a dúirt de Spáinn le Tuairisc.ie.

“Bheadh ceist mhór againn chomh maith an bhfuil an rud atá molta acu ag teacht leis an rud atá ag teastáil don chainteoir dúchais. Tá sé mórán mar a chéile leis an tsonraíocht T2 agus ní hin a bhí i gceist nuair a bhíomar ag caint faoi T1 don Ardteist.”

Deir Gaeloideachais go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar conas scoláirí sna scoileanna lán-Ghaeilge nó scoláirí a bhfuil ardchumas acu sa Ghaeilge sna scoileanna Béarla a chúiteamh as an obair bhreise.

“Tá sé ríthábhachtach do rathúlacht an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta nach bhféachfaidh scoláirí ar shonraíocht T1, sonraíocht atá dírithe ar iad a chumasú le hardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach, mar rud a chuireann ualach breise oibre orthu gan aon chúiteamh,” a dúradh.

I ndiaidh fhoilsiú scéal na gcúrsaí nua ar an suíomh seo, dúirt urlabhraí oideachais Shinn Féin Donnchadh Ó Laoghaire nach bhféadfadh sé a rá fós an raibh Sinn Féin ar son pointí bónais a thabhairt do dhaltaí a thugann faoin gcúrsa T1. “Cuirfidh mé mar seo, nílim ag rá go mbeadh mé ina gcoinne [pointí bónais],” a dúirt sé.

Agus é ag labhairt ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Ó Laoghaire go gcaithfí an scéal a phlé le múinteoirí agus nár mhaith leis teacht roimh an bpróiseas comhairliúcháin atá le déanamh faoi na sonraíochtaí nua.

Eolas foilsithe faoi dhá chúrsa Ardteiste nua don Ghaeilge 

Mheas Julian de Spáinn go bhfuil fadhbanna leis an dá chúrsa nua. Dar leis, d’fhéadfadh an cúrsa T2 cur le líon na ndaltaí nach ndéanann Gaeilge ar chor ar bith don Ardteist.

“An dara rud a bheadh muid buartha faoi ná go bhfuil siad ag caint ar fáil réidh le Bonnleibhéal. Tá gá leis an mBonnleibhéal chun freastal ar dhaoine le cumas faoi leith agus más gá dóibh ar fad dul isteach sa Ghnáthleibhéal, déanfaidh sé sin go leor fadhbanna a chruthú,” a dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha.

“Nuair a chuirtear san áireamh é sin le córas nua na ndíolúintí, tá an-bhaol ann go gcuirfidh sé seo go mór le líon na ndaoine a bheidh ag lorg díolúintí amach anseo.”

D’fhógair an NCCA próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi na cúrsaí nua a mhairfidh go dtí an 31 Lúnasa. Deir Uachtarán Gaeloideachas, Seán Ó hArgáin, áfach gur chóir an comhairliúcháin sin a chur siar de dheasca na paindéime.

“Creidimid gur cheart an comhairliúchán ar na sonraíochtaí nua seo a chur siar toisc nach bhfuil na cúinsí sna scoileanna iar-bhunleibhéil fabhrach faoi láthair do chomhairliúchán ar ábhar atá chomh tábhachtach.

“Tá na múinteoirí agus na príomhoidí faoi bhrú ollmhór faoi láthair agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis na socruithe nua atá díreach foilsithe don Ardteist 2021.”

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, go raibh cúrsaí T1 agus T2 tugtha isteach don tSraith Shóisearach ó 2017 ach nach ndearnadh scrúduithe ar na cúrsaí sin fós toisc gur cuireadh an Teastas Sóisearach ar ceal in 2020.

Ní bheidh na scrúduithe ar siúl i mbliana ach an oiread.

“Ciallaíonn sé sin nach bhfuil aon athbhreithniú déanta ar an éifeacht atá tar éis a bheith ag na sonraíochtaí seo, níl aon anailís nó aiseolas againn faoi na buntáistí nó na dúshláin a bhaineann leo.

“Dar le Gaeloideachas baineann sé leis an dea-chleachtas a leithéid de thaighde fianaisebhunaithe a bheith déanta sula dtugtar faoi athrú chomh suntasach leis seo ag leibhéal na hArdteiste, scrúdú a bhfuil an oiread sin ag brath air do na scoláirí,” a deir Ní Ghréacháin.

Tá saineolaithe ar an oideachas Gaeilge agus Gaeltachta ag éileamh le blianta fada go dtabharfaí isteach cúrsa breise don Ardteist a thabharfadh aird ar riachtanais an chainteora dúchais.

Níos mó