Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-na-‘gaelgals’-ag-dul-o-neart-go-neart-agus-forbairti-mora-beartaithe-acu

Na ‘Gaelgals’ ag dul ó neart go neart agus forbairtí móra beartaithe acu

| Ruairi Egan |

Agus cáidí poiblí (nuair a bheidh an cead sin ann), sraith nua IGTV, agus forbairt ar a bpodchraoladh nua ar na bacáin, tá na Gaelgals ag dul ó neart go neart mar ghrúpa.

Ba mar bhlag saoil ar leathanach Instagram a thosaigh an togra i dtosach, ach tá súil ag an seachtar ban atá taobh thiar den phodchraoladh nua Gaeilge a tosaíodh ag deireadh na bliana seo caite forbairtí móra a dhéanamh ar an togra sna míonna amach romhainn.  

“Bhí an spéis chéanna againn sa Ghaeilge, ach tá spéiseanna éagsúla againn uilig”, a dúirt Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill, ball den ghrúpa le NÓS, a thosaigh an tionscnamh lena cairde le bheith ag obair air i ndiaidh do na mná an ollscoil a fhágáil. 

Agus an Ghaeilge mar bhunús an chairdis don ghrúpa, luigh sé le réasún an leathanach ar Instagram a bheith bunaithe ar an nasc sin. Theastaigh uathu taispeáint gur féidir rud ar bith faoin spéir a bhaint amach i nGaeilge. 

Tá seachtar sa ghrúpa in éindí le Alswyn; Aoife Ní Oisín, Lucy Nic Aindris, Sinéad Ní Scollaigh, Dúlra Ní Áinle, Rachel Nic an Rí, Clíodhna Ní Dhufaigh agus Róisín Ní Mhaoláin. 

Ba ar choiste Chuallacht na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad a chothaigh siad an cairdeas atá eatarthu. Lean an leathanach Gaelgals ar aghaidh tar éis dóibh an coiste a fhágáil ina ndiaidh, agus thosaigh siad ag foghlaim faoina gcuid spéiseanna ar fad, agus na buanna faoi leith atá ag chuile dhuine acu. 

“Bíonn Sinéad iontach leis an gceol, déanann Lucy smideadh go minic, múineann Dúlra faoi chúrsaí timpeallachta agus an nádúr, is breá le Rachel faisean, beidh sí ar Love Island lá éicint” a deir Alswyn, agus í ag scig-gháire. 

Freagraíonn an leathanach agus an podchraoladh dá chéile, agus an dá áit mar ardán  do na mná labhairt faoina saol i nGaeilge. 

Bhí sé i gceist acu ó thús podchraoladh a thosú, ach thosaigh siad ag obair i gceart air i lár na bliana 2020. Chuaigh siad i dteagmháil le Niamh Ní Chróinín, bainisteoir Raidió Rí-Rá le cruth ceart a chur ar an gcoincheap. 

Bhraith na Gaelgals gur “eagraíocht oiriúnach” é Raidió Rí-Rá dóibh, toisc go bhfuil sé dírithe ar dhaoine óga agus go mbíonn ábhar réchúiseach le cloisteáil ar an stáisiún cairtcheoil. Níorbh fhada go raibh Niamh Ní Chróinín i gcruinniú leo agus iad ag cur tús leis an gclár. 

“Bhí sí chomh cabhrach, ghlac sí linn láithreach, bhí sí chomh hoscailte don smaoineamh agus le cuidiú a chur ar fáil,” a dúirt Alswyn. 

Bíonn triúr ban le cloisteáil ar gach eagrán, agus athraítear an triúr a bhíonn ann le haghaidh gach cláir agus déantar an taifead ó thithe na mban — togra a dteastaíonn comhordú mór uaidh le linn paindéime.

Ainneoin na ndeacrachtaí a bhaineann le podchraoladh nua a thosú agus srianta diana an víris i bhfeidhm, tá aiseolas dearfach faighte ag na Gaelgals faoin bpodchraoladh, agus a leathanach Instagram, go dtí seo. 

“Sheol an oiread sin daoine teachtaireachtaí deasa chugainn, iad ag baint sult as a bheith ag éisteacht linn. Chuir sé iontas orm go raibh daoine ag iarraidh sinn a mholadh,” a dúirt Alswyn le NÓS.

Tá ócáidí poiblí, forbairt ar an bpodchraoladh agus sraith IGTV ar na bacáin ag na Gaelgals i mbliana agus súil acu an togra a leathnú níos faide fós tríd an nGaeltacht Dhigiteach.

Is féidir na Gaelgals a leanúint ar Instagram ​anseo​ agus eagrán nua den bpodchraoladh a chloisteáil ar Raidió Rí-Rá gach dara Céadaoin ag 20.00 sula mbíonn sé ar na hardáin do phodchraoltaí an lá dár gcionn. 

Níos mó