Tá baol ann go gceapfadh muintir na hÉireann gur lú Gaeilge atá acu ná mar atá, de réir taighde nua.
De réir an taighde nua a rinne scoláire i gColáiste Mhuire Gan Smál, d’fhéadfadh gur mar gheall ar an easpa misnigh a tugadh dóibh ar scoil atá easpa muiníne ag daoine as a gcuid Gaeilge.
Ar thaighde a rinne an t-údar, Shane Barry, i measc grúpa státseirbhíseach, atá an saothar nua bunaithe.
Dúirt 60% den ghrúpa státseirbhíseach a cuireadh faoi agallamh don taighde gur minic leo a bheag a dhéanamh dá gcumas sa Ghaeilge.
Dúirt údar ‘Irish language self-efficacy beliefs and the Official Languages Act 2003’ go ndealraíonn sé go bhfuil go leor státseirbhíseach agus daoine eile ann nach bhfuil tuairim chruinn á dtabhairt acu mar gheall ar a gcumas sa Ghaeilge
“De réir cosúlachta, nuair a deir státseirbhísigh, nó daoine sa phobal go ginearálta, nach cainteoirí Gaeilge iad, cur síos míchruinn amach is amach ar an eolas atá acu ar an nGaeilge a bhíonn i gceist.
“Fágann sin gur ag cúlú ó labhairt na teanga a bhíonn daoine den chuid is mó agus go gcreideann siad go bhfuil an Ghaeilge ‘imithe go deo’ nó go bhfuil ‘dearmad’ déanta uirthi.”
De réir tuairisc de chuid an Choimisinéara Teanga ní raibh dóthain Gaeilge chun déileáil leis an bpobal i nGaeilge ach ag 2.62% de 21,000 státseirbhíseach.
Ag tagairt dó don tuarascáil sin, dúirt Shane Barry, Teangeolaí Feidhmeach, gur léir dó nach ndearna go leor de na státseirbhísigh sin cur síos cruinn ar a gcumas Gaeilge.
“Daoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil agus a bhain caighdeán ard amach fiú, is iontach a sciobtha is a bhíonn siad á dhearbhú nach cainteoirí Gaeilge iad, in ainneoin fianaise ar a mhalairt a bheith ann.
De réir údar an taighde, tá cumas sa Ghaeilge ag muintir na hÉireann a ndéanann siad a bheag de agus nach n-admhaíonn siad é a bheith acu mar gheall ar an tslí a mbíodh an teanga á teagasc ar scoil.
Deir an t-údar go mb’fhéidir gurb é atá ag teastáil ón bpobal agus ó státseirbhísigh ná athoiliúint sa Ghaeilge chun cur lena gcuid muiníne ina gcumas sa teanga.
“Ach é sin a dhéanamh, b’fhéidir go n-éireodh linn sa deireadh an caidreamh corraitheach atá againn leis an nGaeilge a athrú agus caidreamh níos dearfaí a chur ina áit, caidreamh a d’fhágfadh nach údar iontais chomh mór sin a bheadh ann dúinn níos mó teanga ár muintire a chloisteáil ar an tsráid nó sa siopa,” arsa Shane Barry.