Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-bas-ar-bith-le-fogairt-de-dheasca-an-choroinviris,-ach-‘udar-imni’-e-nach-raibh-aon-bhogadh-ar-lion-na-gcasanna-le-tamall

Bás ar bith le fógairt de dheasca an choróinvíris, ach ‘údar imní’ é nach raibh aon bhogadh ar líon na gcásanna le tamall

| Tuairisc.ie | ,

Ní raibh bás ar bith de dheasca an choróinvíris le fógairt ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

582 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 345 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus 83 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim. Cuireadh 25 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET gur údar imní é nach raibh aon bhogadh ar líon na gcásanna le 10 lá anuas agus nár tháinig aon athrú le roinnt laethanta ar líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil.

Dúirt sé arís gurb ionann an patrún sin agus an patrún a bhí ann roimh Shamhain anuraidh nuair a bhí tréimhse ann nach raibh “aon chor i gcúrsaí”.

Tá an uimhir ‘R’ idir 0.8 agus 1.1,  a deir an tOllamh Nolan, léiriú go bhfuil scaipeadh an ghalair ag fanacht mar atá nó ag laghdú nó ag fás de bheagán.

Dé Luain seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 455,182 duine agus an dara dáileog faighte ag 165,398 duine.

Bhain 41 de chásanna an lae inniu le Gaillimh, 34 de chásanna an lae inniu le contae na Mí agus 23 cás a bhí i bPort Láirge.

13 cás a bhí i gCorcaigh, ocht gcás a bhí i nDún na nGall agus ocht gcás eile a bhí i gCiarraí. Níos lú ná cúig chás a bhí i Maigh Eo.

Meánráta 150 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Tá an ráta i gcontae na Mí (221) agus i nDún na nGall (165) níos airde ná an meánráta náisiúnta.

Ráta 124 atá i nGaillimh, 114 atá i bPort Láirge agus 90 atá i Maigh Eo. Ráta 58 atá i gCiarraí agus 46 atá i gCorcaigh, an tríú ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile a raibh an Covid-19 tolgtha aige básaithe. Deimhníodh 169 cás nua den ghalar. 167 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 16 díobhsan in aonaid dianchúraim.

6,667 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,101 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,566 duine ó dheas di.

344,307 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 228,796 cás ó dheas den teorainn agus 115,511 cás ó thuaidh di.

Níos luaithe inniu, thug an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) le fios go bhfuil an vacsaín AstraZeneca in aghaidh an choróinvíris “sábháilte agus éifeachtach”.

Dúirt Ceannasaí an EMA, Emer Cooke gur mheas an coiste breithnithe gur mó na buntáistí atá ag baint leis an vacsaín ná aon riosca a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

Níl aon cheangal idir an tsnáthaid leis an ardú atá ar thinnis throimbeambólacha nó téachtáin fola, a dúirt sí.

Tráthnóna a d’fhógair an EMA a gcinneadh faoi vacsaín AstraZeneca a bhí curtha ar fionraí sa tír seo agus in dháréag tír eile san Aontas Eorpach.

Ba é breithiúnas an EMA go raibh an vacsaín “sábháilte agus gur chóir í a úsáid”.

Cé nach bhféadfaí a rá go cinnte glan nach raibh aon cheangal ar bith idir an téachtadh fola an-neamhghnách agus an vacsaín, bunaithe ar fhianaise na heolaíochta cinneadh “gur bealach éifeachtach sábháilte í an vacsaín le saoránaigh a chosaint ón Covid-19”.

Dúirt an EMA go gcuirfidh siad tuilleadh eolais ar fáil faoi na rioscaí agus go gcinnteofar go mbeidh na rioscaí sin luaite leis an eolas ar fad a chuirfear ar fáil faoi tháirgí AstraZeneca

Cuirfear rabhadh ar an mbileog eolais a thabharfar do na daoine a bheidh ag fáil na snáthaide agus cur síos ar na cásanna inar tuairiscíodh fadhbanna le téachtadh fola.

Níos mó