Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-cead-tugtha-ag-an-aire-oideachais-campas-gaelcholaiste-a-lonnu-i-ndun-dealgan

Cead tugtha ag an Aire Oideachais campas Gaelcholáiste a lonnú i nDún Dealgan

| Tuairisc.ie |

Tá céim eile tugtha i dtreo Gaelcholáiste nua a bhunú i nDún Dealgan agus é fógartha ag an Aire Oideachais inniu go mbeidh iar-bhunoideachas lán-Ghaeilge á chur ar fáil do dhaltaí ar an mbaile ó mhí Mheán Fómhair.

Thug an tAire Norma Foley cead inniu satailít de chuid Choláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín a lonnú ar champas i nDún Dealgan. Beidh an scoil, faoi riar an Fhorais Phátrúnachta, lonnaithe in Ionad Pobail Mhuirtheimhne Mór ar an mbaile.

Tá cead tugtha an tsatailít a oscailt ar bhonn píolótach ar dtús agus déanfar athbhreithniú cuimsitheach ar an socrú nua tar éis cúig bliana, tráth a ndéanfar athbhreithniú ar an oideachas iar-bhunscoile trí mheán na Gaeilge i nDún Dealgan.

Agus í ag fógairt an scéil inniu, dúirt an tAire Foley go raibh soláthar oideachas lán-Ghaeilge “mar thosaíocht” ag a Roinn agus ag an Rialtas agus go rabhthas “tiomanta go láidir” don líon áiteanna atá ar fáil do dhaltaí trí mheán na Gaeilge a mhéadú.

“Tá an-áthas orm gur féidir liom faomhadh na samhla seo a dheimhniú ar bhonn píolótach. Cuireann an togra píolótach rogha nua sa soláthar lán-Ghaeilge ar fáil do thuismitheoirí i nDún Dealgan, sa bhreis ar an soláthar atá ann cheana féin agus á chur ar fáil ag scoileanna sa cheantar,” a dúirt an tAire.

Dúirt an tAire go dtarlódh go bhféadfaí an múnla seo a úsáid in áiteanna eile má éiríonn leis. Dúirt sí go bhféadfadh “an togra píolótach cuidiú le polasaí/cur chuige féideartha a fhorbairt chun an tsamhail a chur i bhfeidhm in áiteanna eile, faoi réir athbhreithnithe rathúil”. 

Ghuigh an tAire Oideachais  “gach rath ar An Foras Pátrúnachta agus ar Choláiste Ghlór na Mara leis an tionscnamh píolótach seo. Níl iarbhunscoil lán-Ghaeilge ar bith i nDún Dealgan i láthair na huaire ach tá grúpa feachtasaíochta i mbun oibre le beagnach dhá bhliain anuas ar mhaithe le scoil nua a bhunú ansin.

Bhí sé ina imní nach mbeadh daltaí atá ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge i nDún Dealgan ábalta leanúint orthu lena gcuid oideachais trí Ghaeilge dá mbeadh tuilleadh moille i gceist le bunú an champais nua.

Is iondúil go bhfreastalaíonn daltaí Gaelscoile ón mbaile ar Ghaelcholáiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín ach tugadh le fios nach bhfuil spás ar bith fágtha sa scoil sin do dhaltaí nua don chéad scoilbhliain eile. Tá súil anois, áfach, go mbeidh an scoil satailíte i nDún Dealgan oscailte do dhaltaí mí Mheán Fómhair.

D’fhógair an Roinn Oideachais chomh maith go mbeadh an Roinn ag tabhairt tacaíochta i gcónaí don aonad lán-Ghaeilge atá cheana féin ag Coláiste Chú Chulainn.

Bhí cás conspóideach Choláiste Lú, an t-aonad Gaeilge i gColáiste Chú Chulainn, go mór i mbéal an phobail le tamall mar gheall ar aighneas faoin soláthar oideachais lán-Ghaeilge ann.

Chuir Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, “fáilte mhór” roimh chinneadh an Aire inniu.

“Tá éileamh agus suim ollmhór san oideachas lán-Ghaeilge léirithe ag an bpobal agus is iontach go mbeidh tumoideachas iomlán ar fáil do dhaltaí i nDún Dealgan. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire agus le hoifigigh na Roinne as a gcuid oibre ar an gceist seo.

“Tá ceist na Gaeilge agus an oideachais lán-Ghaeilge fite fuaite ina chéile. Tá sé d’aidhm ag an bhForas Pátrúnachta oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chur ar fáil chun tacú le pobail lán-Ghaeilge a chruthú. Teastaíonn go mbeidh an tumoideachas i bhfeidhm leis an oideachas is fearr a chinntiú ach ní hin amháin. Tá gá le foireann lán-Ghaeilge, Bord Bainistíochta lán-Ghaeilge agus pátrún scoile lán-Ghaeilge leis an bhfís seo a bhaint amach.”

Dúirt Maedhbh Daltún, Príomhoide Choláiste Ghlór na Mara gur “tionscnamh ceannródaíoch” a bhí anseo agus mhol sí muintir Dhún Dhealgan, An Foras Pátrúnachta, Coláiste Ghlór na Mara agus An Roinn Oideachais as a gcuid oibre.

“Is cruthúnas é an múnla ar an tsuim agus ar an éileamh atá ann don Ghaelscolaíocht ag an dara leibhéal,” a dúirt Daltún.

Níos mó