Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-duine-amhain-eile-basaithe-de-dheasca-an-choroinviris,-520-cas-nua-fogartha

Duine amháin eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 520 cás nua fógartha

| Tuairisc.ie | ,

Bhásaigh duine amháin eile a raibh an Covid-19 air, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

520 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

359 duine a bhí buailte ag an Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus 81 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim. Cuireadh 14 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dúirt an Dr Ronan Glynn gur chóir go mbeadh “samhradh maith agus taitneamhach” ag daoine ‘taobh amuigh’ i mbliana. 

Tá sé dóchasach chomh maith, a dúirt sé, go mbeidh an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 80% de dhaoine faoi dheireadh mhí an Mheithimh. Bheadh an samhradh i bhfad níos taitneamhaí ná mar a bhí na sé mhí seo caite, a dúirt sé. 

Idir an dá linn, tá imní léirithe ag an Taoiseach Micheál Martin agus ag lucht leighis nach ag laghdú atá líon na gcásanna den Covid-19 a thuilleadh.

Thug an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Samhaltaithe Eipéimeolaíochta NPHET, briseadh síos tráthnóna ar cá mbíonn an galar á scaipeadh anois, 

“Gartheagmháil is siocair le 60% de chásanna an ghalair sa tseachtain ón 7-13 Márta, agus teagmháil phearsanta ba chúis freisin le 24% de na cásanna sa bpobal. I líonta tí a tholgann 59% de na daoine an galar agus taobh amuigh den teaghlach, is ag ócáidí sóisialta agus in ionaid oibre a tholgann leath de na daoine an galar.”

Dúirt an Dr Cillian de Gascun, Víreolaí Leighis agus Stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris gur an cineál B117 den víreas atá ar 90% de na daoine a bhfuil an coróinvíreas orthu sa stát anois agus go bhfuil an cineál sin “fíorthógálach”. 

“Is fánach an leithscéal a theastaíonn ón víreas B117 seo le scaipeadh agus is chun sin a chosc atá an chomhairle sláinte phoiblí ann. An bealach is éifeachtaí chun gach cineál den Covid-19 a chosc ó scaipeadh ná gan bualadh go sóisialta le mórán daoine agus cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí,” arsa de Gascun.

Níós túisce inniu, dúirt an tOllamh Martin Cormican, atá i gceannas ar rialú ionfhabhtuithe san HSE, níl dóthain vacsaíní faighte ag daoine go fóill le scaipeadh an víris a chosc agus dá mhéid daoine a thagann i gceann a chéile laistigh is mó a scaipfidh an víreas.  

Dúirt an tOllamh Cormican gur údar díomá an líon ard cásanna atá againn go fóill agus d’iarr sé ar dhaoine a bheith “an-chúramach” ós rud é go bhfuil “an chontúirt gach áit a gcruinníonn daoine i gcomhluadar a chéile”. 

Dúirt an tOllamh Cormican go raibh líon na gcásanna san ionad oibre agus i suíomhanna eile ag ardú cé go bhfuil an líon sna hospidéil ag fanacht seasta. 

“Is cuma leis an víreas cé acu an tórramh nó cóisir lá breithe atá ann,” a dúirt Cormican.  

Dúirt sé go bhfuil an baol ann go bhfuil an ceathrú drochráig den Covid-19 i ndán dúinne. 

“Ní mór dúinn a bheith an-chúramach. Tá sé chomh maith agat a rá go bhfuil an baol ann go bhfuil maidhm eile i ndán dúinn,” a dúirt an tOllamh Martin Cormican ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil an-imní ar an Rialtas faoin scéala nach bhfuil líon na gcásanna ag laghdú le tamall agus go bhféadfadh gur ag méadú atá siad.

Bhain 36 de chásanna an lae inniu le contae na Mí, 16 cás a bhí i gCorcaigh agus 16 cás a bhí i nGaillimh. Naoi gcás nua a bhí i nDún na nGall agus ocht gcás a bhí i bPort Láirge.

Níos lú ná cúig chás a bhí i Maigh Eo agus níos lú ná cúig chás freisin a bhí i gCiarraí.

Meánráta 157 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Tá an ráta i gcontae na Mí (225) agus i nDún na nGall (201) níos airde ná an meánráta náisiúnta.

Ráta 148 atá i bPort Láirge, 133 atá i nGaillimh agus 65 atá i Maigh Eo. Ráta 50 atá i gCiarraí agus 49 atá i gCorcaigh, an tríú ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile a raibh an Covid-19 tolgtha aige básaithe. 

Deimhníodh 87 cás nua den ghalar. 160 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 15 díobhsan in aonaid dianchúraim.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 746,254 duine ó thuaidh agus tá an dara dáileog faighte ag 78,496 duine.

6,693 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,105 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,588 duine ó dheas di.

347,138 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 231,119 cás ó dheas den teorainn agus 116,019 cás ó thuaidh di.

Idir an dá linn, léirigh staidéar idirnáisiúnta nua gur in Éirinn atá an tríú ráta is ísle san Eoraip ó thaobh líon na n-othar Covid-19 a cuireadh sna hospidéil agus in aonaid dianchúraim. 

Níos mó