Tá Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí óige na bpáirtithe polaitiúla sa stát ag éileamh go gcuirfí beartas i bhfeidhm a d’fhágfadh go mbeadh ar chomhlachtaí an Ghaeilge a chur ar lipéid agus ar phacáistiú táirgí a bhíonn ar díol in Éirinn.
Is iad na heagraíochtaí atá i mbun an éilimh ar Airí na Gaeltachta ná Óige an Lucht Oibre, Ógra Shinn Féin, Brainsí Coláiste agus Ollscoile na nDaonlathaithe Sóisialta, Young Fine Gael, agus na Glasaigh Óga/Óige Ghlas.
Táthar ag iarraidh go gcuirfí an beartas maidir le pacáistíocht dhátheangach i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana 2024
Measann Conradh na Gaeilge gur bealach praiticiúil a bheadh anseo chun rátaí litearthachta a fheabhsú agus deiseanna labhartha Gaeilge a mhéadú gan aon chaiteachas breise a chur ar an stát.
“Thabharfadh an beartas seo, dá nglacfadh an stát leis, níos mó infheictheachta agus inrochtaineachta ar an nGaeilge d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí dúchais agus thabharfadh sé níos mó solúbthachta do shaoránaigh le maireachtáil i nGaeilge nó i mBéarla,” a deir Conradh na Gaeilge.
Faoin moladh seo is i nGaeilge a bheadh an téacs ar tháirgí, ar choimeádáin, ar chlúdaigh, ar cháipéisí agus ar aon treoracha ó thaobh úsáide nó barántais.
Ní haon rud nua é seo, a deirtear, do ghnóthaí idirnáisiúnta mar go mbíonn orthu “eolas ar a gcuid táirgí a aistriú cheana féin” agus iad ag díol le náisiúin eile.
Dúradh chomh maith go bhfuil Foras na Gaeilge ag cur deontais ar fáil faoin Scéim Tacaíochta Gnó 2021 d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun an Ghaeilge a chur chun cinn trí chomharthaíocht, pacáistíocht, suíomhanna gréasáin agus ábhair chlóite mhargaíochta.
Chun an costas ar ghnóthaí a laghdú, molann Conradh na Gaeilge go mbainfeadh an beartas seo ar dtús le táirgí nua a chuirfí ar an margadh agus gur de réir a chéile a thiocfadh sé i gceist do tháirgí atá ar an margadh cheana féin. Agus comhlachtaí ag athbhrandáil earraí nó ag athdhearadh na pacáistíochta, d’fhéadfaidís an Ghaeilge a chur orthu.
Luaitear san éileamh seo Ceanada agus an Fhionlainn mar thíortha ina bhfuil an bhrandáil dhátheangach i bhfeidhm. Éilítear san Fhionlainn gach ábhar a bhaineann le táirgí a bheith sa dá theanga oifigiúla, san Fhionlainnis agus sa tSualainnis.
Léirigh pobalbhreith de chuid Chonradh na Gaeilge go mbeadh beagnach leath den phobal ó dheas den teorainn níos toilteanaí earraí a cheannach dá mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar an bpacáistíocht.
Dúirt 45% de na daoine a ghlac páirt sa tsraith Céard é an Scéal? go gceannóidís táirge ar a raibh an phacáistíocht dhátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, thairis táirge le pacáistíocht i mBéarla amháin.
Chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i mbliana go gcaithfidh an Ard-Cúirt in Éirinn a dhearbhú gur theip ar an Stát cloí le treoir gur gá an Ghaeilge a chur ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.
Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis d’ainmhithe.