Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Ní theastaíonn uaim go mbeidh ar m’iníon dul chun troda faoi na ceisteanna céanna

| Lynn |

Tá a fhios againn an tionchar ollmhór a bhíonn ag an bpaindéim ar mhná ar fud an domhain, an tír seo san áireamh. Is í an ghné is measa den tionchar sin ná na rátaí foréigin teaghlaigh atá fíor-ard faoi láthair. Tá mná agus a gcuid páistí ag fulaingt go géar. Ina theannta sin, is mó bean a bhíonn ag obair in earnáil na seirbhísí, sa tionscal miondíola agus i dtionscal an fháilteachais.  Is iad na tionscail sin is measa atá buailte le linn paindéime. 

Tá poist agus ioncam caillte ag an lucht oibre agus is cinnte go dtiocfaidh méadú ar an mbearna phá ar bhonn inscne dá bharr. Tá dream eile ag obair ón mbaile agus ag múineadh a gcuid páistí sa bhaile freisin. Is eol dúinn go léir gurb iad na mná a iompraíonn an chuid is mó d’ualach oibre an tí de ghnáth agus is mó an obair tí atá le déanamh anois toisc go mbíonn muid sa bhaile i bhfad níos mó. 

Tá dul chun cinn suntasach déanta againn sa tír seo le blianta beaga anuas agus tharla roinnt athruithe forásacha sa tsochaí go gasta i ndiaidh a chéile. Ach tá an baol ann anois, de bharr na paindéime seo, go gcaillfimid go buan a raibh bainte amach againn. 

An bhfuil aon ghealán gréine i ndán do mhná na hÉireann ar Lá Idirnáisiúnta na mBan? 

Tá gealltanais shubstaintiúla sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas maidir le cúram sláinte na mban. Dúirt an tAire Sláinte go bhfuil comhlíonadh na ngealltanas seo mar thosaíocht aige. Tá tús curtha cheana féin le dul chun cinn na reachtaíochta chun táirgí míostraithe a sholáthar saor in aisce chun dul i ngleic le ‘anás nó bochtaineacht mhíosta’ polasaí a cheadaigh an chomh-aireacht roinnt seachtainí ó shin. Táimse freagrach as an bpíosa áirithe reachtaíochta sin agus tá sí ag Céim an Choiste sa Seanad faoi láthair. Séard atá i gceist leis an mBochtaineacht Mhíosta ná gan a bheith in ann íoc as na táirgí cuí chun déileáil leis an bhfuil mhíosta ar bhealach sláintiúil sábháilte agus le dínit. 

Baineann sé freisin le heaspa eolais agus oideachais faoinár gcorp féin agus a thimthriall nádúrtha. Bíonn tionchar ag an stiogma agus an náire a bhaineann leis na cúrsaí ar shláinte, folláine, oideachas agus saol cailíní agus mná ar fud an domhain. Is infheistíocht ollmhór i gcúram sláinte phoiblí na mban táirgí a chur ar fáil saor in aisce go forleathan i bhfoirgnimh phoiblí, i scoileanna agus in ollscoileanna. 

Ceann de na moltaí ón gComhchoiste um an tOchtú Leasú scéim frithghiniúna uilíoch saor in aisce a bhunú. D’aontaigh na comhpháirtithe rialtais scéim frithghiniúna a bhunú do mhná san aoisghrúpa 17-25 agus tá sé leagtha amach i gClár Comhaontaithe an Rialtais. Is tús maith é seo agus is céim fhorásach shuntasach é i dtreo níos mó roghanna a thabhairt do mhná maidir lena sláinte atáirgthe.  

Bíonn deacrachtaí ag go leor ban leanbh a ghiniúint go nádúrtha. 

Chomh maith leis an ualach a bhaineann leis sin, tá costas airgeadais ollmhór ag baint le cóireáil torthúlachta agus toirchiú in vitro. Cuireann an costas cosc ar go leor ban tabhairt faoi thoirchiú in vitro nó leanúint ar aghaidh agus babhta eile a thriail tar éis teipe. Faoi láthair tá an tAire Sláinte, oifigigh a Roinne agus roinnt de mo chomhghleacaithe ag plé scéim toirchithe in vitro a bhunú a bheadh maoinithe go poiblí chun ligean do níos mó ban na cóireálacha a theastaíonn uathu a thriail. 

Is iontach an chaoi a n-athróidh sé sin saol na mílte bean agus a bpáirtithe ar fud na tíre. Tá súil agam go dtiocfaidh an idirbheartaíocht faoin ábhar seo chun críche go luath.  

Mar fhocail scoir, tá roinnt saincheisteanna tromchúiseacha comhionannais fós ag luí ar mhná. Ní theastaíonn uaimse go mbeidh m’iníon féin agus a glúin ag dul chun troda faoi na ceisteanna sin. 

Idir an dá linn, déanfaidh mise mo dhícheall an Rialtas a thabhairt chun cuntais le go gcomhlíonfar na gealltanais maidir leis na cúrsaí cúram sláinte atá luaite agam ionas go ndéanfar an ród go dtí an comhionannas a ghiorrú dúinn. 

– Is Seanadóir de chuid Fhianna Fáil í Lorraine Clifford-Lee