Tá páirtí nua a bhfuil ainm Gàidhlig
air bunaithe ag iar-chéad-aire na hAlban, Alex Salmond.
Tá an páirtí nua, ‘Alba’, ar son neamhspleáchas na hAlban agus beidh iarrthóirí á gcur chun cinn acu sna toghcháin pharlaiminte ar an 6 Bealtaine.
Dúirt Salmond nárbh amhlaidh go lagódh bunú Alba cúis an neamhspleáchais agus dúirt sé go mbeadh feachtas “an-dearfach ar fad” ag an bpáirtí nua.
Fuarthas Salmond neamhchiontach anuraidh i dtriail inar cuireadh ionsaí gnéis ina leith.
Bhí sé ina chéad-aire idir 2007 agus 2014. Táthar ag súil go gcabhróidh an páirtí lena chinntiú go mbeidh ollmhóramh ar son an neamhspleáchais sa chéad pharlaimint eile in Holyrood.
Agus Alba á sheoladh inniu, aige, dúirt Salmond go mbeadh ar a laghad ceathrar iarrthóirí ag an bpáirtí ar gach liosta réigiúnach.
An aidhm atá ag Alba ná go mbeadh feisire as gach ceantar acu i bParlaimint na hAlban i ndiaidh an toghcháin.
Toghtar 73 feisire chun na parlaiminte i dtoghcheantair ina mbíonn an córas an chéad duine abhaile i réim agus toghtar 56 duine eile faoi chóras ballraíochta.