Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-15-duine-eile-basaithe,-401-cas-nua-den-choroinvireas-fogartha

15 duine eile básaithe, 401 cás nua den choróinvíreas fógartha

| Tuairisc.ie | ,

15 duine eile a raibh an Covid-19 orthu atá básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 401 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

Maidir leis na básanna, bhain péire acu le mí Aibreáin, bhain trí cinn le mí an Mhárta, bhain sé cinn le mí Feabhra agus bhásaigh an ceathrar eile mí Eanáir nó roimhe sin.

182 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 47 díobhsan in aonad dianchúraim.

Dé Luain seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 863,958 duine agus an dara dáileog faighte ag 355,529 duine.

Bhain 31 den 401 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le Dún na nGall.

Níor fógraíodh cás nua ar bith i bPort Láirge ná i Maigh Eo tráthnóna.

22 cás a bhí i gCorcaigh, 20 cás a bhí i gcontae na Mí, naoi gcás a bhí i nGaillimh agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí.

Meánráta 113 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 215 atá i nDún na nGall, an ráta is airde sa tír, agus tá an ráta i gcontae na Mí, 159, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 91 atá i Maigh Eo, 80 atá i nGaillimh agus 70 atá i bPort Láirge. Ráta 40 atá i gCiarraí agus 37 atá i gCorcaigh.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh duine amháin eile básaithe de dheasca an víris. 116 cás nua a deimhníodh.

59 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá naonúr acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 876,290 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 298,557.

6,993 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,137 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,856 duine ó dheas di.

364,046 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 244,695 cás ó dheas den teorainn agus 119,351 cás ó thuaidh di.

Agus é ag caint sa Dáil inniu dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfógródh an Rialtas eolas cuimsitheach an tseachtain seo chugainn faoi scaoileadh na srianta sa Bhealtaine agus sa Mheitheamh.  

Luaigh an Taoiseach spórt gan teagmháil do dhaoine fásta, seirbhísí eaglasta agus siopaí. Dúirt sé go raibh súil aige go mbeidh dea-scéala aige do “bhearbóirí agus gruaigeadóirí” an tseachtain seo chugainn. Dúirt an Taoiseach go raibh imní air faoi shláinte an phobail agus a riachtanaí a bhí sé go bhféadfadh daoine óga dul amach ag imirt spórt. 

I mí an Mheithimh a d’fhéachfaí ar athoscailt earnáil an fháilteachais, óstáin agus tithe lóistín, a dúirt an Taoiseach.   

 “Tá bail i bhfad níos fearr orainn ná a cheapamar a bheadh agus is cuidiú é sin agus cinntí á ndéanamh againn do mhí na Bealtaine agus an Mheithimh,” a dúirt an Taoiseach.  

Dúirt sé go rabhthas ag obair ar na socruithe teicniúla ionas go bhféadfaí Teastas Eorpach Digiteach Taistil a thabhairt isteach ionas go bhféadfaí tabhairt faoin taisteal idirnáisiúnta amach anseo. 

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney go bhféadfadh an ‘pas glas’ sin a dheimhneodh go raibh snáthaid faighte ag duine, cúrsaí a athrú sna míonna seo chugainn ach ba í a chomhairle faoi láthair gan aon turas thar sáile a phleanáil murar turas riachtanach é. Ní fada uainn “laethanta níos fearr” a dúirt Coveney ach ba chóir dúinn fanacht inár gcontaetha féin tamall eile. 

Níos mó