Tá sé i gceist ag an Rialtas bille a chur chun cinn chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.
D’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers an méid sin sa Dáil tráthnóna, mar a bhfuil plé á dhéanamh ar an mbille teanga.
Chuir Teachtaí Dála de chuid an fhreasúra agus Teachtaí Dála de chuid an Rialtais fáilte mhór roimh fhógra an Aire Stáit.
Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív nach raibh “aon amhras ann ach go bhfuil an ceangal a bhíodh idir an pobal agus an tÚdarás laghdaithe” ó cuireadh deireadh leis na toghcháin. “Ba chóir gur in úinéireacht an phobail a bheadh Údarás na Gaeltachta,” a dúirt Ó Cuív agus fáilte á cur aige roimh fhógra an Aire Stáit.
Chuir Aindrias Moynihan agus Dara Calleary, Fianna Fáil, Pa Daly, Sinn Féin, agus Catherine Connolly, neamhspleách, fáilte roimh an bhfógra.
Rinne an tAire Stáit Jack Chambers a fhógra agus é ag trácht ar mholadh ó Shinn Féin go leasófaí an bille teanga chun toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais.
Dúirt an tAire go ndéanfaí é sin le bille eile.
Chuir Donncha Ó hÉallaithe ó Chumann Forbartha Chois Fharraige, fáilte roimh fhógra an Aire chomh maith. Bhí feachtas ar bun ag an gcumann forbartha i nGaeltacht Chonamara chun an toghchán a thabhairt ar ais, agus fuair siad gealltanas i scríbhinn ó Mhicheál Martin go ndéanfaí a leithéid roimh olltoghchán na bliana seo caite. Dúirt Donncha Ó hÉallaithe go raibh súil ag an gcumann forbartha go bhfeicfí an bille nua “go gairid” agus go mbeadh toghchán do Bhord an Údaráis in 2022.
Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.
Gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, ach níor tháinig an gealltanas sin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais.
Gealladh sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus an Comhaontas Glas go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.