![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-filiocht-na-gaeltachta-a-cur-chun-cinn-do-la-naisiunta-na-filiochta-inniu](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F04%2F38635-filiocht-na-gaeltachta-a-cur-chun-cinn-do-la-naisiunta-na-filiochta-inniu.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=52529cc5)
Filíocht na Gaeltachta á cur chun cinn do Lá Náisiúnta na Filíochta inniu
Tá togra nua darb ainm ‘Turas Gaeltachta’ ar siúl ag na hOifigigh Pleanála Teanga sa Ghaeltacht inniu leis an bhfilíocht Ghaeltachta a chur chun cinn mar chuid de Lá Náisiúnta na Filíochta 2021.
Tá cártaí poist ar fáil in oifigí poist na Gaeltachta i 12 cheantar éagsúla inniu agus táthar ag iarraidh ar an bpobal iad a sheoladh chuig daoine atá ina gcónaí i gceantair eile Ghaeltachta nó ina gcónaí thar lear.
“Tá muid ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh ar fhilí na Gaeltachta agus ar shaibhreas cultúir na Gaeltachta ar Lá Náisiúnta na Filíochta. Tá na healaíona lárnach i saol na Gaeltachta, ní rud aisteach nó neamhchoitianta é dúinn go mbeadh daoine ag damhsa ag gabháil fhoinn nó ag rá dánta agus ní raibh aon fhadhb againn saothar ó fhilí an phobail a aimsiú don fheachtas seo,” a dúirt Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála teanga na Ceathrún Rua i nGaeltacht na Gaillimhe.
‘Treoanna Nua: Léarscáileanna agus Turais’ is teideal do théama an lae inniu agus bheartaigh na hOifigigh Pleanála Teanga ‘Turas Gaeltachta’ a dhéanamh den cheiliúradh náisiúnta filíochta.
Tá na cártaí poist ar fáil saor in aisce sna hoifigí poist, sna scoileanna, agus i siopaí na Gaeltachta, agus tá comórtas ar siúl ag ar na meáin shóisialta faoi láthair bailiúchán de na cártaí uilig a bhuachan.
Dháréag filí atá ar an liosta: Aogán Ó Muircheartaigh as Corca Dhuibhne; Dónal Ó Liatháin as Múscraí; Donnchadh C Ó Laighin, Proinsias Mac a Bháird, agus Máire Dinny Wren as Dún na nGall; Máirtín Chóil Neaine Pháidín as Gaeltacht na Mí; Máire hOibicín Uí Eidhin, Mícheál Ó Cuaig, Moya Roddy, Ciarán Ó Fátharta, agus Máire Uí Fhlatharta as Gaeltacht na Gaillimhe.