Tá aip “réabhlóideach” nua forbartha a aistreoidh caint an duine atá i mbun comhrá leat go dtí do rogha canúna Gaeilge.
‘An Cúntóir Canúintí’ atá ar an aip nua a bhaineann leas as an teicneolaíocht aitheanta gutha agus aistriúcháin chomhuainigh is déanaí.
Chun go n-aistreofaí a bhfuil á rá ag an té atá i mbun cainte leat go dtí canúint eile, ní gá ach péire cluasán a chur isteach, an aip a chur ar siúl ar d’fhón agus an chanúint is ansa leat a phiocadh ón roghchlár.
Má tá an té atá ag caint leat gar a dhóthain duit déanfar a chuid cainte a aistriú go dtí do rogha canúna ar an toirt.
Beifear ag moladh duit cead a fháil ón duine a bhfuil a chuid cainte á haistriú go canúint eile agat mar go bhféadfadh go mbeadh ceist ann faoi chúrsaí GDPR (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).
Comhfhiontar é ‘An Cúntóir Canúintí’ idir Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Dúirt an Dr John Walsh, an sochtheangeolaí aitheanta ó OÉ, Gaillimh, gur “áis réabhlóideach” a bhí san aip nua a d’athródh cúrsa na teanga.
“Nuair a bheidh stair na Gaeilge á scríobh amach anseo, aithneofar é seo mar cheann de na cora is cinniúnaí riamh i scéal na teanga. Is deacair cuimhneamh ar dhul chun cinn níos suntasaí i réimse an oideachais ná an aip seo agus táim cinnte go mbeidh múinteoirí, léachtóirí agus Oifigigh Pleanála Teanga ar bís chun úsáid a bhaint aisti.
“Ní bheidh ar chainteoirí dúchais canúintí nach dtaitníonn leo a fhulaingt a thuilleadh agus cuirfidh sí ar chumas nuachainteoirí neamhaird iomlán a dhéanamh ar na canúintí Gaeltachta,” arsa an Dr John Walsh.
Táthar ag súil go mbeidh an aip nua ar fáil ar na hardáin éagsúla roimh an 1 Aibreán 2022.
Sna trí mhórchanúint a bheidh ‘An Cúntóir Canúintí’ ar fáil ar dtús – Gaeilge na Mumhan, Gaeilge Uladh agus Gaeilge Chonnacht.