Bhí níos lú ná leath de na hiarratais ar chead pleanála a rinne Údarás na Gaeltachta le cúig bliana anuas i nGaeilge amháin.
14 den 33 iarratas ar chead pleanála a rinne Údarás na Gaeltachta sa tréimhse sin a rinneadh i nGaeilge amháin.
De réir na bhfigiúirí nua a cuireadh ar fáil don Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, dhá iarratas a rinneadh i mBéarla amháin.
I gcás formhór na n-iarratas – 17 acu – cuireadh cuid den ábhar a bhain leo ar fáil do na húdaráis i mBéarla.
Mar fhreagra ar cheist Dála Uí Snodaigh, dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin, go ndéanann an tÚdarás féin iarratais phleanála a réiteach i nGaeilge amháin “i gcás tograí beaga neamhchasta”.
I gcás tograí “casta” a mbíonn staidéir agus tuairiscí “níos casta” i gceist leo “is minic nach mbíonn an dara rogha ach comhairleoirí neamhspleácha ar bheagán Gaeilge a earcú”.
Dúirt an tAire chomh maith “gur minic” a lorgaíonn na húdaráis áitiúla leaganacha Béarla de cháipéisí agus eolas breise i mBéarla.
Thug an tÚdarás le fios go raibh scagadh le déanamh acu ar cheist na dteangacha a bhíonn in úsáid acu ina n-iarratais phleanála.
“Tá aghaidh á tabhairt ag an Údarás ar an gceist seo faoi láthair chun leanúnachas agus caighdeán cuí teanga a bhaint amach sna hiarratais phleanála a dhéanann gníomhairí tríú páirtí thar ceann na heagraíochta,” a dúirt Aire na Gaeltachta.
Thug an tÚdarás le fios nach bhfuil aon sonraí acu maidir le hiarratais phleanála a rinne cliantchomhlachtaí dá gcuid.
Bhí conspóid anuraidh ann nuair a tháinig sé chun solais gur i mBéarla amháin a bhí an t-iarratas pleanála a rinne Údarás na Gaeltachta i dtaobh Pháirc na Mara i gConamara, ceann de na tograí is mó i stair na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga.
Dúirt an tÚdarás an uair sin go raibh athbhreithniú le déanamh ar chóras an Údaráis maidir le fostú comhairleoirí lena chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís.
Ghéill an tÚdarás “gur chóir treoir shonrach” a bheith tugtha do na comhairleoirí an t-iarratas pleanála a dhéanamh i nGaeilge.
Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur údar díomá a bhí i líon íseal na n-iarratas a bhí i nGaeilge amháin.
“Tá sé sin ag teacht salach ar an dualgas reachtúil atá ar an Údarás an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht.Fiú mura bhféadfaí teacht ar shaineolaí i réimse áirithe a bheadh ábalta cáipéis a scríobh i nGaeilge ba chóir ar a laghad an cháipéis sin a aistriú go Gaeilge sula gcuirtear í faoi bhráid an údaráis áitiúil,” a deir Ó Snodaigh.
Dar leis go bhféadfadh an tÚdarás an bunleagan Béarla a dhíol leis an údarás áitiúil, ma lorgaíonn sé é, rud a chuideodh leo íoc as an aistriúchán.
Dúirt an Teachta go nglacann sé leis ón bhfreagra “nach bhfuil an tacar sainscileanna go fóill san Údarás nó sna húdaráis áitiúla chun tabhairt faoin obair chasta phleanála trí Ghaeilge” ach mhol sé gur chóir plean a bheith leagtha síos “sna scéimeanna teanga do na comhlachtaí sin, nó sna caighdeáin nua atá á moladh ag an Aire” chun na bearnaí sin a líonadh go luath.
“Ar a laghad ba chóir go mbeadh na bundoiciméid san iarratas féin – na fógraí agus an míniúchán – i nGaeilge. Níl aon leithscéal faoi dhá iarratas a bheith curtha isteach ag Údarás na Gaeltachta i nGaillimh, go hiomlán i mBéarla,”a dúirt sé.
Mhol an Teachta Ó Snodaigh gur chóir d’Údarás na Gaeltachta agus institiúidí tríú leibhéal a bheith ag obair as lámha a chéile chun daoine a bhfuil Gaeilge acu a oiliúint i réimsí éagsúla saineolais.