![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-amhranai-conamaraioch-le-cloisteail-ar-amhran-nua-as-an-mbriotain](/wp-content/themes/yootheme/cache/f6/39066-amhranai-conamaraioch-le-cloisteail-ar-amhran-nua-as-an-mbriotain-f670c79a.jpeg)
Amhránaí Conamaraíoch le cloisteáil ar amhrán nua as an mBriotáin
Tá an t-amhránaí Conamaraíoch, MC Muipéad (Pádraig Ó Conghaile) le cloisteáil ag rapáil i nGaeilge ar rian nua atá díreach eisithe ag ceoltóir as an mBriotáin.
‘Rive Côté Mer’ (Cois Cladaigh) an teideal atá ar an amhrán nua a chanann Charlie le Brun as Rennes na Briotáine i bhFraincis agus i mBéarla. Tá glór sainiúil MC Muipéad, ón mbanna ceoil IMLÉ, le cloisteáil i dtreo dheireadh an amhráin agus é ag rapáil faoi ‘chrógacht mhuintir Chonamara’.
Deir Charlie le Brun, ar cainteoir Briotáinise, Fraincise agus Béarla é, gur scríobh sé an t-amhrán nua le hómós a léiriú don cheantar Finistère i bhfíorthuaisceart an náisiúin Cheiltigh – ceantar a a bhfuil “tírdhreach draíochtúil” ann a thugann inspioráid dó agus é ag scríobh ceoil.