Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
caithim-an-iomarca-ama-ag-smaoineamh-faoi-bhriathra-ar-nos-‘caith’…

Caithim an iomarca ama ag smaoineamh faoi bhriathra ar nós ‘caith’…

| Domhnall O Braonain | ,

Mar a tharlaíonn le cuid mhaith de mo chuid smaointeoireachta le gairid, is é an Bíobla a chuir ag smaoineamh ar an bhfocal “caith” mé. 

Níl nasc domhain agam leis an bhfocal “caith” ná ní bheidh ceacht mór ná tuairim ag deireadh an ailt seo seachas, b’fhéidir, gur suimiúil an teanga a labhraíonn muid.

Ar aon chuma i gcuid mhaith den leagan den Bhíobla atá agamsa úsáidtear “caith” seachas “ith”. Baineann sé leathgheit asam chuile uair nuair a bhíonn íomhá dfháidh nó d’aspal ag tarraingt builíní ar a chuid cosa seachas cuaráin nó daoine ag diúracadh éisc eatarthu istigh i m’intinn. (Meastú a b’shin é a chuir Lady Gaga ag smaoineamh ar ghúnaí feola?)

Ar aon chuma nuair a chuimhním gur féidir “caith” a chur in áit “ith” tosaíonn mé ag smaoineamh ar an méid a bhraitheann muid ar an aon bhriathar amháin sin.

Déanfaidh muid liosta:

Is féidir éadach a chaitheamh. Agus nuair atá tú á chaitheamh tá an t-éadach á chaitheamh sa gcaoi is go bhfuil sé á ídiú de réir a chéile. Agus nuair a bhíonn an t-éadach caite céard a dhéanann tú leis ach é a chaitheamh amach. Ach ná caith é mar a chaithfeá do dhinnéar. Nó má chaitheann duine do chuid éadaigh gan chead agus má chuireann siad boladh lofa orthu óna bheith ag caitheamh tobac iontu is féidir leat gunna a fháil agus an té sin a chaitheamh. 

Agus má ritheann tú as urchair le caitheamh is féidir an gunna féin a chaitheamh leo. Ach b’fhéidir nach gcaithfidh tú uait do ghunna mar gur chaith tú go leor airgid lena chéannacht agus ansin chaithfeadh tú gunna nua a cheannach. Ar aon chumadh tá tú théis duine a chaitheamh mar sin is gcearr go gcaithfear sa bpríosún thú agus anois caithfidh tú am a chaitheamh i ngéibheann.

Agus níl ansin ach cuid de na bríonna atá leis an bhfocal “caith”. Tá ceanna eile ann nár éirigh liom a bhrú isteach sa scéilín sin sular thosaigh an focal do mo chur soir.

Mar sin thosaigh m’intinn ag iarraidh a bheith ag tarraingt nascanna idir na bríonna uilig. Rinne mé dhá ghrúpa díobh: rudaí a chur uait (shoot, throw, cast a vote etc) agus rudaí a ídiú (eat, wear, spendetc). 

Ansin bhí mé ag iarraidh an dá ghrúpa sin a chur le chéile agus is an t-aon nasc atá mise in ann a tharraingt eatarthu ná gur laghdú ar an méid stuif atá agat atá sa dá cheann. Má chaitheann tú liathróid tá tú d’uireasa na liathróide sin agus laghdú tagtha ar an iomlán liathróidí a bhí agat ar dtús agus nuair a bhíonn éadach caite níl an oiread de ann agus a bhí nuair a bhí sé nua. 

Mar sin meastú ar ón mbunfhocal céanna, briathar a raibh ídiú nó laghdú mar bhrí air, a tháinig na bríonna difriúla seo uilig atá againn don aon bhriathar amháin.

Is é an áit a bhfuil mé sáinnithe ná céard faoi “caithfidh mé” (‘is gá dom’). Cá bhfuil an nasc leis na ceanna eile? Seachas, b’fhéidir, laghdú saoirse níl mé in ann áit a fháil sa gclaí don chloch áirid sin.

Is maith go bhfuil mo chuid ama uilig á chaitheamh agam ag smaoineamh ar na rudaí seo i rith aimsir scrúduithe, nach maith?

Níos mó