Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Cén ról a bheidh ag an DUP faoi cheannaireacht Poots?

| 1 |

Eoin Ó Murchú

Dar le Alex Kane, iar-stiúrthóir cumarsáide Pháirtí Aontachtach Uladh, tá géarchéim eiseach in ann don Aontachtas i gcoitinne agus do na páirtithe Aontachtacha trí chéile.

Is é sin nach léir dó go bhfuil straitéis fhiúntach ar bith ag aon cheann de na páirtithe seo lena gcuid aidhmeanna – an tAontas a choinneáil – a chur chun cinn.

Aontaíonn seisean leis an argóint go lagaíonn an Prótacal an ceangal idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain, ach ní fheiceann sé go bhfuil aon mhodh oibre ann a mheallfadh rialtas na Breataine leis an bPrótacal a chaitheamh i leataobh.

Ní leor ‘No’ a rá mar ní cosúil go bhfuil éinne i Westminster ag éisteacht leo.

Ní dóigh liom ach an oiread go mbeidh aon difear ceannairí nua a bheith ag an DUP ná ag an UUP.

Tá sé ró-luath ar ndóigh go léireoidh Edwin Poots go mbeidh sé oscailte do chomhghéilleadh ar bith ach, ag tagairt dó don Phrótacal, níor dhúirt sé ach gur dúshlán mór roimhe é.

Is é an straitéis atá nochta aige mar sin ná iarracht a dhéanamh na páirtithe Aontachacha a chur ag obair le chéile, in ionad íde na muc is na madraí a thabhairt dá chéile.

Agus mar chuid de sin teastaíonn uaidh a aird a dhíriú ar athchóiriú a dhéanamh ar an bpáirtí.

Caint bhreá, ach an féidir freastal ar an dá thrá? Tá an DUP ag cailliúint vótaí go dtí an TUV de chuid Jim Allister (daoine atá ag iarraidh seasamh níos láidre ar son an Aontais)  agus don Alliance Party ag an am céanna (daoine, i gcoitinne, atá ag iarraidh dearcadh níos liobrálaí a chur cun cinn is ar mhian leo teacht ar shocrú lena gcomharsana Náisiúnacha más féidir).

Tá baol mór ann má éiríonn le Poots socrú compordach a dhéanamh le hAllister go gcaillfidh sé tuilleadh vótaí aon Alliance.

Tá na páirtithe Aontachtacha ag maireachtáil i gcruinne dá gcuid féin don chuid is mó de stair Thuaisceart Éireann ach ní ann don chruinne sin a thuilleadh – comhartha dosheachanta air sin go raibh an Taoiseach Micheál Martin agus Príomh-aire na Breataine Boris Johnson i mbun cainteanna faoin bPrótacal an lá a toghadh Poots ina cheannaire.

Ní raibh rian dá laghad d’athrú meoin ag na Sasanaigh faoin bPrótacal féin, cé go mba mhaith leo bealach a aimsiú le sárú ar na deacrachtaí cáipéise is eile atá ag cur isteach ar lucht gnó ó thuaidh.

Cinnte, ní raibh tada fiúntach le rá ag Micheál Martin faoin gcruinniú, ach ní raibh an chuma air go raibh aon ábhar buartha ann dó ach oiread.

Ach nach ábhar buartha é sin féin do na hAontachtaithe?

Níl ach an t-aon seasamh ciallmhar le fáil, agus is é sin páirt a ghlacadh san idirbheartaíocht le teacht in uachtar ar na deacrachtaí.

Ach cén fhad a mhairfeadh Poots, nó ceannaire ar bith eile, dá dtabharfaí faoi sin?

Agus céard faoi Donaldson? Níor chaill sé ach le dhá vóta, ach is fear Westminster é i gcomparáid le fear Stormont, i. Poots.  An léiriú é go bhfuil móramh beag sa bpáirtí ag díriú aird ar an mbaile seachas ar pharlaimint i gcéin?

Bhí Donaldson, más fíor do na scéalta, ag moladh go ndiúltódh an DUP freastal ar chruinnithe trasteorann agus é ag súil go scriosfadh Sinn Féin na hinstitiúidí mar dhíoltas.

É sin ráite, beidh tionchar mór ag Donaldson, agus ní léir gur tionchar chun feabhais é.

Níl mórán ráite ag Poots faoi na línte dearga a bheas aige sa bpolaitíocht, seasamh ciallmhar cinnte nach rabhthas ag súil leis uaidh.

Níl sé i gceist ag Poots an post mar Chéad-Aire a ghlacadh é féin, agus is cosúil go roghnóidh sé Paul Girvan, an té a chuir olc ar lucht na Gaeilge trí dheontas dóibh a chealú.

Ar ndóigh beidh ar Shinn Féin comhoibriú le cibé duine a roghnóidh an DUP, ach níl mórán comhpháirtíochta nó dúil sa gcomhpháirtíocht le tabhairt faoi ndeara timpeall Stormont na laethanta seo.

Tá muid ag filleadh ar an mbuncheist a chuir Alex Kane: Cad chuige páirtí Aontachtach, cén straitéis atá ann maidir le cosaint an Aontais, agus an gcuirfidh athruithe déimeagrafacha deireadh leis an rud ar fad?

Níos mó