Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘d’fheadfadh-an-coinne-10-noimead-cervicalcheck-do-bheatha-a-shabhail’

‘D’fhéadfadh an coinne 10 nóiméad CervicalCheck do bheatha a shábháil’

Fud fad na tíre tá foirne CLG idirchontae i mbarr a réime ag traenáil agus ag imirt cluichí, agus cumainn ag fáil faoi réir don dúshlán céanna sna seachtainí amach romhainn. Nuair a shamhlaíonn muid imreoirí CLG, bíonn íomhá againn d’fhear nó bhean óg folláin, láidir, sláintiúil. Iad féin i mbarr a réime chomh maith. Corruair, ní mar a shíltear a bhítear. Éiríonn daoine go dona. Buaileann tinnis iad. Agus corruair, ní bhíonn sé éasca na tinnis sin a chur de dhroim seoil.

Seacht mbliana fichead atá Rochelle Mullaney. Imríonn sí peil d’fhoireann Chill Bhríde, agus tá sí ina ball d’fhoireann idirchontae Ros Comáin chomh maith. Tháinig bainisteoir nua isteach sa gcontae roimh an Nollaig agus mar sin, chuir Rochelle agus a cuid comrádaithe bealadh faoina n-ioscaidí leis an traenáil, in iarracht a mbainisteoir nua a shásamh. 

Chuir Rochelle an milleán ar an diantraenáil a bhí sí a dhéanamh nuair a bhuail pian sa taobh í faoi Nollaig. Cheap sí gur tharraing sí matán. Ach níor chneasaigh sé. D’éirigh sé níos measa. Chuaigh sí chuig an dochtúir agus ansin ag an ospidéal. I mí Feabhra, dúradh léi gur ailse cheirbheacs a bhí ag cothú na péine. Grád a trí. Seacht mbliana fichead, folláin agus í buailte ag ailse. 

An lá tar éis Lá Fhéile Pádraig, thosaigh sí ar an gceimiteiripe agus radaiteiripe in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Seacht seachtaine den chóir leighis a d’fhág lag agus tinn í. Anois, níl aici le déanamh ach fanacht. Agus a cuid fuinnimh a chruinniú arís, de réir a chéile. Bean chúthaileach ghealgháireach í Rochelle. Ní duine í a chuaigh ag tóraíocht aon airde. Ní raibh aon aitheantas uaithi ariamh, a deir sí, ach ar an bpáirc peile. 

Tá sé sin athraithe le cúpla lá aici, mar gur roghnaigh sí labhairt amach, le meabhrú do mhná óga eile a dtástáil smearaidh a fháil. Nuair a bhaineann bean na cúig bliana fichead amach, faigheann sí litir ó CervicalCheck ag cur i gcuimhne di go bhfuil sí i dteideal an tástáil a fháil saor in aisce. Moltar do mhná é a dhéanamh chuile thrí bliana má tá siad idir 25 – 29 bliain d’aois, nó chuile cúig bliana má tá sí idir 30 – 65 bliain d’aois. 

Tá an tástáil in ann ceallaí réamhailse a aimsiú. Fuair Rochelle an litir nuair a shroich sí 25 bliain d’aois. Faraor, ní dhearna sí aon choinne. Bhí sé i gceist aici é a dhéanamh, ach mar a tharlaíonn do go leor, cuireadh ar an méar fhada an tástáil. Ní bheidh a fhios go brách ag Rochelle an mbeadh an ailse aimsithe níos túisce dá mbeadh an tástáil sin faighte aici. 

Mar atá a  fhios againn, níl CervicalCheck gan locht. Bíodh sin mar atá, tá mná beo mar gheall ar an tástáil seo. Tá ailse seachanta ag mná mar gheall ar an tástáil smearaidh. Mura bhfuair tú an tástáil roimhe seo, nó má tá tú mall, bíodh scéal Rochelle ina spreagadh agat an tseachtain seo. Déan coinne. Tá sé saor in aisce, agus d’fhéadfadh an deich nóiméad sin do bheatha a shábháil. 

Níos mó