Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
muilte-gaoithe-in-aice-liomsa?-uch!

Muilte gaoithe in aice liomsa? Uch!

| Alex Hijmans | ,

Bhí taom den ‘ní-ar-leac-mo-dhorais-se-achas’ ag an Saoithín Aeráide le deireanas nuair a bhí tamall á chaitheamh aige ina thír dhúchais, an Ísiltír.

Muilte gaoithe i ngach uile áit.

Uch.

Níorbh iad na muilte gaoithe cáiliúla ar an seandéanamh a bhí ag cur tinnis air ach na cinn nua-aoiseacha. Bhíothas tar éis cinn nua a thógáil ó bhí sé sa bhaile cheana agus mhill siad an radharc óna sheanseomra codlata.

Ba mheasa fós na grianphainéil a bhainfeadh na súile asat lena loinnir ghorm agus a chlúdaigh díonta na dtithe agus a líon goirt ina mbíodh caoirigh ag innilt tráth. Mar bharr ar an donas bhí na grianphainéil a bhí curtha ar an díon ag duine de comharsana ar fiar, claonuillinn a bhí rómhór le go ndéanfá neamhaird di. Bhí siad sách gránna mar a bhí, ach ar an gcaoi seo chuir siad an Saoithín soir chuile uair dár shiúil sé thar theach na gcomharsana!

Tuigeann chuile dhuine go bhfuil géarghá le fuinneamh inathnuaite, ach níl mórán daoine ag iarraidh páirc muilte gaoithe nó feirm ghrianphainéal a bheith ar leac an dorais acu.

Tuigeann na húdaráis an méid sin agus níos minice ná a mhalairt, is i gceantracha tuaithe, i bhfad ó na cathracha móra mar a bhfuil cónaí ar mhórchuid na vótóirí, a bheartaítear na tograí fuinnimh inathnuaite is mó agus is conspóidí a thógáil.

An lá faoi dheireadh, chonaic an Saoithín Aeráide tuairisc theilifíse ó thuaisceart Chríoch Lochlann, áit a dtugann pobal bundúchasach na Sámach ‘coilíniú glas’ ar an bhfeiniméan thuas.

Chuir an Saoithín spéis mhór i rud a bhí le rá ag polaiteoir Sámach ón tSualainn, Hanna Sofie Utsi: ‘Dar le go leor Sámach níl rud ar bith “glas” faoi chumhacht uisce agus cumhacht ghaoithe mar fhoinsí fuinnimh. Ba cheart fuinneamh a ghiniúint san áit a bhfuil cónaí ar na daoine a úsáidfidh é.’

B’in mar a bhí fadó, fadó: na muilte gaoithe gleoite ar an seandéanamh a mheallann oiread turasóirí go dtí an Zaanse Schans i dtír dhúchais an tSaoithín Aeráide sa lá atá inniu ann, tógadh iad sa 18ú haois chun fuinneamh a sholáthar don chéad cheantar tionsclaíoch san Eoraip. Fuinneamh meicniúil, ar ndóigh; ní raibh leictreachas ann ag an am. Bhí a mhuileann féin ag gach ceann d’os cionn 600 monarcha.

Nár dheas an rud é dá bhféadfaimis filleadh ar an lá sin agus an fuinneamh a theastaíonn uainn a tháirgeadh san áit a dteastaíonn sé uainn? Ach is baolach nach í seo an 18ú haois a thuilleadh agus go bhfuil saol an lae inniu ródhomhandaithe: cá mbeadh muintir na tuaithe gan na carranna leictreacha, na fóin phóca, na ríomhairí agus na hearraí eile a tháirgtear i gceantair thionsclaíochta an domhain? Bíodh cónaí ar phobail tuaithe faoin tuath, is cinnte go mbaineann siad úsáid, go hindíreach, as an bhfuinneamh a úsáidtear i monarchana móra na Síne, na hIndia, na Gearmáine agus áiteanna nach iad.

Tá olltubaiste aeráide ag bagairt ar thuath agus ar chathair araon, agus go dtí go mbeidh foinsí fuinnimh inathnuaite níos éifeachtaí ar fáil, is baolach go mbeidh ar an dá dhream cur suas le muilte gaoithe agus painéil ghréine ar leac a ndorais.

Mar sin féin, ceapann an Saoithín Aeráide go bhfuil gaois ag baint leis an dearcadh ‘gintear fuinneamh san áit a n-úsáidfear é’ má chuirtear an aguisín ‘oiread agus is féidir’ leis.

Nárbh fhearr i bhfad go leor leor muilte gaoithe beaga a thógáil – ceann amháin i ngairdín gach tí abair – ionas nach mbeidh gá ach le corrcheann ollmhór? Agus grianphainéil ar dhíon gach tí ionas go mbeidh goirt fágtha do na caoirigh?

Chomh fada agus nach mbíonn na painéil chéanna ar fiar, ar ndóigh.

Níos mó