Deir Dominic Cummings go bhfuil sé “craiceáilte” go raibh sé féin agus Boris Johnson i gceannas na Breataine.
Ag seisiún le feisirí parlaiminte in Westminster a rinne Cummings a chuid cainte.
Agus an príomhchomhairleoir a bhíodh ag Príomh-Aire na Breataine ag caint faoi chur chuige Rialtas Shasana le déileáil le paindéim an Covid-19, dúirt sé gur chosúil le “sórt scannán é a bhí imithe ó smacht”.
Dúirt sé gur loic na feisirí agus na comhairleoirí go tubaisteach ar an bpobal.
Dúirt Cummings “theip ar airí sinsearacha, oifigigh shinsearacha agus comhairleoirí sinsearacha mar mé féin a raibh dlite don phobal le linn a leithéid seo de ghéarchéim a chur ar fáil dóibh”.
Dúirt sé nuair a tháinig an ghéarchéim sláinte go raibh “na mílte agus na mílte daoine ab fhearr ná iadsan” a d’fhéadfadh an tír a rith, daoine, dar leis, a bhí i bhfad níos cumasaí ná Boris Johnson nó fear an Lucht Oibre, Jeremy Corbyn.
“Leoin á dtreorú ag asail” an chomparáid a rinne sé idir lucht bainistíochta an Rialtais agus na daoine a bhí ag obair ar an líne thosaigh ó thús na paindéime.
“Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil, as na dearmaid a rinneadh agus as na dearmaid a rinne mé féin, leis na teaghlaigh sin ar fad a bhfuair a ndaoine bás gan ghá,” a dúirt an t-iarchomhairleoir.
Agus é ag cur síos ar Johnson, dúirt Cummings go raibh sé “míle uair” róthógtha leis na meáin agus go raibh sé i bhfad rómhall nuair a thuig sé a thromchúisí agus a bhí an phaindéim.
Dúirt sé gur chóir don Aire Sláinte Matt Hancock a bheith éirithe as 15-20 uair ar chúiseanna éagsúla “ceann acu bréaga a insint don phobal”.
Dúirt Cummings gur iarr sé ar Boris Johnson tópar a thabhairt don Aire Sláinte Hancock, toisc é “a bheith go hiomlán neamhchumasach i mbun a chúraim”.
Mí Eanáir agus Feabhra 2020, bhí “an ghrúpsmaointeoireacht chlasaiceach” buailte ar na hairí agus na hoifigigh shinsearach ar fad.
I lár mhí Feabhra bhí roinnt de na daoine ba thábhachtaí bailithe “ag sciáil”, a mhaígh sé.
Dúirt Cummings go ndearna Johnson a bheag dá thromchúisí is a bhí an galar, é ag maíomh gur gheall le “fliú na muc” é.
Dúirt sé “nár thuig sé beag ná mór” cén fáth gur thriail Sráid Downing a shéanadh gurbh í an “imdhíonacht tréada” an polasaí oifigiúil a bhí ann i dtús na bliana seo caite.
Dúirt Cummings gur mhol sé féin do Boris Johnson an dianghlasáil a thabhairt isteach i lár an Mhárta anuraidh, ach nach raibh “aon phlean” ann chun a leithéid a chur i bhfeidhm.
Dhiúltaigh an Príomh-Aire do líomhaintí a iarchomhairleora nach ndearna sé beart in am.
“Ní dóigh liom go bhféadfadh aon duine a chur i leith an Rialtais seo go raibh muid réchúiseach faoin mbagairt a bhaineann leis an víreas seo,” a dúirt Johnson le feisirí tráth Cheisteanna an Phríomh-Aire in Westminster.