Tá sé “an-tábhachtach” go léireofaí “meas” ar chinneadh daltaí Ardteiste gan aon scrúdú Gaeilge a dhéanamh i mbliana, a deir an Roinn Oideachais.
Dúirt urlabhraí ón Roinn le Tuairisc.ie go raibh sé tábhachtach freisin nach dtabharfaí aon bhuille faoi thuairim faoin bhfáth gur roghnaigh 50% de na daltaí gan scrúdú Gaeilge a dhéanamh. Ní chun leas na ndaltaí a bheadh tuairimíocht dá leithéid, a dúradh.
Ní raibh aon mhíniú ag an Roinn faoi cén fáth gur roghnaigh céatadán níos airde daltaí gan scrúdú traidisiúnta á dhéanamh sa Ghaeilge ná mar a tharla in aon ábhar eile.
Níl sé i gceist ag an Roinn ach oiread aon anailís ar leith a dhéanamh ar na cúiseanna arb í an Ghaeilge is lú a mheall daoine chun scrúdú traidisiúnta a dhéanamh, ach dúirt an t-urlabhraí go mb’fhéidir go bhféachfaí amach anseo ar na roghanna eagsúla a rinne daltaí Ardteiste 2021.
Tá imní léirithe ag Conradh na Gaeilge agus urlabhraithe oideachais an fhreasúra faoina laghad daltaí Ardteiste a roghnaigh grád ríofa a fháil don Ghaeilge agus scrúdú a dhéanamh freisin.
Dúirt urlabhraí oideachais Shinn Féin Donnchadh Ó Laoghaire go gcaithfí a fháil amach cén fáth nár bhac oiread sin daoine leis an scrúdú Gaeilge agus cén fáth go “bhfaigheann daoine an Ghaeilge deacair”.
De réir staitisticí atá curtha ar fáil ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC), tá céatadán na ndaltaí atá ag fáil grád ríofa agus ag déanamh scrúdú traidisiúnta chomh maith d’Ardteist na bliana seo níos ísle i gcás na Gaeilge ná mar atá i gcás aon ábhar eile.
Den 50,708 a rinne cúrsa Gaeilge na hArdteiste i mbliana, roghnaigh 24,106 díobh, nó 48%, gan an scrúdú a dhéanamh agus dul i muinín an mharc a bhronnfaidh a múinteoir Gaeilge orthu.
Chinn 68% de na daltaí Ardteiste atá ag déanamh an Bhéarla an scrúdú a dhéanamh agus grád ríofa a fháil, 73% a bhí i gceist sa mhatamaitic agus 63% sa Fhraincis.
Léiriú é an líon íseal daltaí a roghnaigh tabhairt faoin scrúdú Ardteiste Gaeilge ar fhadhb “i bhfad níos leithne” sa chóras oideachais, a deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
“Is léir go bhfuil fadhb ollmhór sa chóras mura bhfuil ach leath de na daltaí sásta tabhairt faoin scrúdú. Ach ní chuireann sé aon iontas orainn go bhfuil an fhadhb seo ag leibhéal na hArdteiste maidir leis an nGaeilge. Féach ar an méid díolúintí ón scrúdú Gaeilge a bhíonn ann.”
Gheall an Rialtas go mbreathnódh siad ar pholasaí nua a thabhairt isteach don Ghaeilge sa chóras oideachais go léir agus léiriú eile scéal Ardteist na bliana seo ar an ghá lena leithéid, a deir Julian de Spáinn.
Údar “díomá” é, ar sé nach bhfuil an polasaí nua, atá geallta i gclár an rialtais, luaite ar chor ar bith i straitéis na Roinne Oideachais a foilsíodh le déanaí.
Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin an tseachtain seo, dúirt Aodhán Ó Ríordáin gur cheart a bheith “macánta” faoi stádas na Gaeilge i measc daoine óga na tíre.
“Tá leath de na daltaí sásta an páipéar scríofa a dhéanamh agus leath eile nach bhfuil. Léiríonn sin go bhfuil fadhb ann ó thaobh an mhuinín atá ag dalta as a gcuid scileanna féin agus léiríonn sé go bhfuil fadhb ann ó thaobh múineadh na Gaeilge agus foghlaim na Gaeilge ní hamháin sa mheánscoil ach sa bhunscoil chomh maith”.
Dúirt urlabhraí Oideachais Pháirtí an Lucht Oibre gur cheart do pholaiteoirí a bheith “imníoch” agus “míshásta” faoi na figiúirí nua.