Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘shilfea-nach-bhfuil-i-mbean-ach-soitheach-le-coinneail-glan’

‘Shílfeá nach bhfuil i mbean ach soitheach le coinneáil glan’

Ní maith liom a bheith ag sárú ar an Eagraíocht Domhanda Sláinte. Bhronn an eagraíocht an Dr Mike Ryan ar ais orainn, agus faoina stiúir táimid ag déanamh ár mbealach amach as an bpaindéim. Baineadh siar asam mar sin, nuair a chonaic mé an moladh a rinneadh i ndréacht plean na heagraíochta an tseachtain seo caite maidir le halcól. 

Lena gceart a thabhairt dóibh, is dréacht atá ann. D’fhéadfadh athrú a theacht air, agus ceapaim tar éis an ruaille buaille atá tarraingthe aige, go dtarlóidh sé. Le tuilleadh den cheart céanna a thabhairt dóibh, tá alcól in ann dochar ollmhór a dhéanamh do dhaoine, teaghlaigh agus an sochaí i gcoitinne. Moltar sa gcáipéis go bhfanfadh bean atá in aois an pháiste (sé sin aon bhean idir 18 bliain agus 55 bliain d’aois) glan ón alcól. Fiú mura bhfuil sí ag iompar. 

Meas tú ar thuig na húdair céard a bhí á scríobh acu? Meas tú an bhfaca siad an dochar a d’fhéadfadh ráiteas mar é a dhéanamh do na cearta a chaith muid blianta á saothrú? Meas tú an bhfaca siad an rud a chonaic muidne? Iarracht ár gcuid ceart a thógáil uainn? Shílfeá nach bhfuil ionainn ach soitheach le coinneáil glan ar fhaitíos go mbeadh paisinéara ag iarraidh a theacht ar bord lá breá eicínt.

Moltar do mhná atá ag iompar gan alcól a ól. Moltar do mhná atá ag iarraidh páiste a thabhairt ar an saol gearradh siar ar an méid a ólann siad, go háirithe má bhíonn siad ag ól go trom. Sin comhairle mhaith is cuma más fear nó bean tú. Go deimhin, níl aon saineolaí in ann a rá go beacht go bhfuil aon dochar i líon beag alcól do bhean thorrach, nó an páiste atá á iompar aici. Mar sin, tá léim ollmhór tugtha acu sa dréachtphlean seo. 

Chuardaigh mé go bhfeicfinn cé a scríobh é. Tá 34 duine ar an mbord. Cúigear ban ina measc. Ansin, smaoinigh mé, cé mhéid bean a bhíonn ag iompar a bhíonn gortaithe ag fir atá faoi thionchar an óil? D’fhoghlaim mé san ollscoil i mbliana go n-ardaíonn an baol maidir le foréigean baile nuair atá bean ag iompar, ar chúis éigin. Anuas ar sin, meastar go mbíonn an t-ól taobh thiar de 20% ar a laghad den fhoréigean a tharlaíonn sa mbaile. 

Bíonn an t-ól istigh in os cionn aon trian d’ionsaithe gnéis a dhéantar ar mhná. Ach ar chúis éigin, seo an cás a roghnaigh siad a bhrú chun cinn. Aisteach go bhfuil an méid seo béime á chur ar chosaint féatas nach bhfuil fiú sa mbroinn fós. Agus go bhfuil páistí agus mná ag íoc go daor as an méid alcóil atá thar timpeall orainn. 

Níos mó