Deir Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn go dteastaíonn daoine a sheasfaidh an fód ar son na Gaeilge fiú má bhíonn doicheall ag daoine eile roimhe sin.
Dúirt an tUachtarán an méid sin mar chuid d’óráid a thug sé inné ag Comhdháil Mheiriceá ar Léann na hÉireann a bhí ar siúl ar champas Mhig Aoidh Ollscoil Uladh i nDoire.
‘Of Heritage, Home and Healing’ teideal na hóráide a bhí ag an Uachtarán, óráid inar thagair sé go láidir don Ghaeilge tráth a bhfuil sí ina hábhar mór aighnis sa Tuaisceart.
“Roinneadh an Ghaeilge eadrainn freisin. Snáth neamhbhriste í a théann tríd oiread sin gnéithe dár n-oidhreacht. Ní féidir an Ghaeilge a scaradh ón tslí a ndearna na hÉireannaigh ceangal lena saol agus leis an saol mór, ná ní féidir í a scaradh ón tslí ar bhain siad brí agus macallaí as an saol.
“Logainmneacha, béaloideas, litríocht, an dúlra, an cultúr, nósanna sóisialta, an pholaitíocht, an creideamh – trí bhíthin na Gaeilge a rinneadh machnamh agus ionramháil ar na nithe sin go léir.
“Luíonn sé le tuiscint mar sin go bhfuil caomhnú na teanga labhartha ina dhlúthchuid dár n-iarrachtaí tuiscint a fháil ar ár n-oidhreacht agus tarraingt aisti.”
Agus 1,500 bliain ó rugadh Colmcille le ceiliúradh an mhí seo, thagair an tUachtarán do dhiongbháilteacht an naoimh “a raibh meas ag daoine de gach creideamh agus daoine gan aon chreideamh air”.
“Teastaíonn daoine uainn a sheasfaidh an fód ar son na teanga dúinn, mar a sheas Colmcille an fód ar son scaipeadh an eolais, fiú eolas míshuaimhneach a chuirfeadh as do na daoine a bhí os a chionn.
“Caithfimid cúrsaí a chur ina gceart tráth ar féidir polasaí oidhreachta a fhoilsiú gan í a chur ar fáil sa Ghaeilge – dhá rud a bhfuil neamhréiteach eatarthu nach féidir glacadh leis.”
Dúirt an tUachtarán gur teanga Ind-Eorpaise ar leith í an Ghaeilge ach go raibh a lorg fágtha aici ar theangacha clasaiceacha agus nua eile, an meánBhéarla agus an nuaBhéarla san áireamh.
Is le cách an Ghaeilge cé go dtugtar a mhalairt le fios go minic, ar sé.
“Mar sin féin, nuair a labhraítear faoi chúrsaí oidhreachta is minic go gcaitear leis an teanga labhartha mar rud atá scartha amach nó nach mbaineann le hábhar, nó mar rud a bhaineann le niche nó le treibh ón gcianaois nó le foghrúpa daoine a tháinig slán, seachas mar chuid lárnach de gach gné dár n-oidhreacht.”