![aisteoiri-breise-in-arainn-agus-acaill-a-lorg-do-scannan-nua-colin-farrell](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F08%2F43363-aisteoiri-breise-in-arainn-agus-acaill-a-lorg-do-scannan-nua-colin-farrell.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=d1f8d372)
Aisteoirí breise in Árainn agus Acaill á lorg do scannán nua Colin Farrell
Tá aisteoirí breise á lorg don scannán nua The Banshees of Inisherin atá á thaifeadadh sna hoileáin Ghaeltachta Árainn agus Acaill i lathair na huaire. Tá Colin Farrell, Brendan Gleeson, agus Barry Keoghan le bheith sa scannán nua ó pheann an scríbhneora aitheanta Martin McDonagh.
Tá fir atá ina gcuid fichidí agus níos sine á lorg ag an gcomhlacht léiriúcháin le bheith sa chúlra i gcuid de na radhairc a ndéanfar taifead orthu i nGaeltacht na Gaillimhe agus Maigh Eo. Fir a bhfuil “cuma nádúrtha” orthu atá ag teastáil don scannán – is é sin le rá gan dath suntasach ina gcuid gruaige ná tréithe eile mar sin.
Caithfidh na hiarrthóirí a bheith ar fáil i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair agus a bheith in ann a bheith in Árainn agus in Acaill don scannánaíocht. Ní mór ríomhphost a sheoladh chuig westcoastbanshees@gmail.com agus ainm, aois, áit, agus uimhir theilfeafóin a bheith luaite leis chomh maith le pictiúr soiléir díot féin.
Tá lucht an scannáin in Árainn le cúpla seachtain agus ionad scannánaíochta tógtha acu gar do Ghort na gCapall i lár an oileáin. Leanfar an scannánaíocht ar aghaidh go ceann cúpla seachtain eile sa dá oileán Gaeltachta.
Roinn Comhlacht Forbartha Inis Meáin fógra faoi na haisteoirí breise a bheith ag teastáil ar na meáin shóisialta tráthnóna.