Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
brisfidh-tonn-an-cheathru-raig-ar-dhroim-ar-bpaisti

Brisfidh tonn an cheathrú ráig ar dhroim ár bpáistí

Tá an samhradh amuigh faoin aer thart. Faoi cheann cúpla lá, is gearr go mbeidh gasúir na tíre ag filleadh ar an seomra ranga. Níl mórán déanta ach oiread le cinntiú go mbeidh siad sábháilte sa seomra ranga céanna. A fhad agus a bhí daoine ag iarraidh a mhíniú dúinn chomh tógálach agus atá Delta, bhí brúghrúpaí á mbrú isteach i dtithe ósta. Sin má tá pas agat. Níl cead isteach taobh istigh gan é. Sin mura páiste tú. Níl aon fháil ag gasúir faoi dhá bhliain déag ar an vacsaín, mar sin tá cead isteach acu. 

Beidh siad brúite isteach i seomraí ranga anois, gan vacsaín. Ach osclófar na fuinneoga. Coinneoidh sé sin amach aon víreas. De réir an daonáirimh is deireanaí, tá ós cionn 800,000 gasúr faoi 12 sa tír. Tá thart ar 20% de na daoine atá in aois na vacsaíne nach bhfuil sí faighte acu ach oiread. Sin go leor daoine atá gan chosaint, rud a thabharfaidh tuilleadh deis don scaipeadh. Tá na rátaí an-ard faoi láthair. Tá siad chomh hard ó thuaidh den teorann go bhfuil sé ráite ag saineolaithe ansin nach bhfuil ach dhá rogha fanta. Faigh vacsaín, nó tolg an víreas. Ní féidir é a sheachaint níos mó. 

Bhí sé éasca ag an Aire Oideachais Norma Foley a rá anuraidh go raibh scoileanna sábháilte. Ní raibh an oiread den ghalar i measc an phobail, agus ní raibh an tréithchineál chomh tógálach, go háirithe i measc gasúr. Níl rudaí mar sin níos mó. Cén fáth mar sin, nach bhfuil tada athraithe sna scoileanna? Tá an treoir atá á tabhairt do mhúinteoirí mórán mar a chéile leis an am seo anuraidh, seachas go mbeidh beagán monatóireachta á dhéanamh ar leibhéil CO2. 

Tá an ceathrú ráig linn, agus an uair seo, brisfidh an tonn ar dhroim ar bpáistí. Tógfaidh sé na cosa uathu inár seomraí ranga agus níl a fhios againn cén tionchar fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith aige orthu. D’íoc gasúir go daor as ár gcuid aineolais agus saint le bliain go leith. Caitheadh amach as an scoil iad. Chaill siad a gcuid oideachais agus spraoi a fhad agus a bhí muide sa mbialann. Caithfear scoileanna a choinneáil osclaí, ach caithfear iad a dhéanamh slán. 

D’éirigh go hiontach leo anuraidh. Ach tá víreas nua acu i mbliana. Tá sé 50% níos tógálaí ná an ráig a bhí againn an Nollaig seo caite, agus bhí an ráig sin 50% níos tógálaí ná an chéad cheann a tháinig as Wuhan. Níl oscailt fuinneog chun é sin a leigheas. Teastaíonn níos mó spáis ó ghasúir, níos mó aer úr agus mascanna. Táthar ann atá in aghaidh vacsaín do ghasúir agus mascanna, iad ina imní dhearg faoin drochthionchar a d’fheadfadh a bheith acu orthu. 

Dúirt bean amháin liom, ar múinteoir í,  inné go ndéanfadh masc damáiste do scileanna labhartha agus sóisialta na bpáistí. Níl aon mhaith i ngasúr deisbhéalach nach bhfuil in ann anáil a tharraingt. Nó nach bhfuil in ann aon chomhrá a dhéanamh le cairde beaga eile mar go bhfuil sí sáinnithe sa mbaile. Tá sé in am ag ceardchumainn labhairt amach. Níl ár scoileanna sábháilte do ghasúir. 

Níos mó