Fáinne ar shlabhra ar díol ag Conradh na Gaeilge
Fáinne ar shlabhra ar díol ag Conradh na Gaeilge
Is fada an Fáinne ina shiombail don Ghaeilge fud fad na tíre ach tá Conradh na Gaeilge i ndiaidh leagan nua a dhéanamh de, nó tá an Fáinne ar shlabhra ar díol acu anois.
Labhair Meon Eile le hAodhán Ó Deá ó Chonradh na Gaeilge faoi stair an Fháinne féin agus faoin tionscadal nua atá ar bun acu an Fáinne a chur ar shlabhra.
Is léir go bhfuil rath ar an tionscadal nó tá na fáinní ar fad chóir a bheith díolta agus gan ach seachtain ann ó thosaigh siad á ndíol.
Más maith leat slabhra a bhfuil fáinne air a cheannach, is féidir ceann a ordú anseo.