Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
leithcheal-‘ar-bhonn-inscne’-a-bhi-sa-riachtanas-gaeilge-do-phoist-in-oe-gaillimh-dar-le-gearan-a-rinneadh-leis-na-hudarais

Leithcheal ‘ar bhonn inscne’ a bhí sa riachtanas Gaeilge do phoist in OÉ Gaillimh dar le gearán a rinneadh leis na húdaráis

| Padraic O Ciardha | ,

Leithcheal “ar bhonn inscne” a bhí sa riachtanas Gaeilge a bhain le postanna riaracháin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, dar le hollamh san ollscoil.

Sin ceann de na gearáin a rinneadh leis an ollscoil faoin riachtanas a bhí i bhfeidhm in OÉ Gaillimh go dtí anuraidh, go raibh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach do phostanna riaracháin grád 1, 2 agus 3 san ollscoil.

Thug Údarás na hOllscoile a mbeannacht do chinneadh fáil réidh leis an riachtanas mí Aibreáin 2020.

Dúirt an tOllamh Anne Scott, Leas-Uachtarán um Chomhionannas agus Éagsúlacht, ag an am go raibh “ar a laghad 15 gearán” faighte ag a hoifig ó dhaoine ar an bhfoireann faoin riachtanas Gaeilge do phostanna riaracháin san ollscoil agus go gcuirfeadh go leor den fhoireann fáilte roimh an chinneadh fáil réidh leis.

Tá cuid de na gearáin sin anois curtha ar fáil ag OÉ Gaillimh do Tuairisc.ie mar fhreagra ar iarratas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise cé nach raibh 15 gearán sa mbeart a cuireadh ar fáil.

I gcomhfhreagras amháin a fuair an ollscoil mí Lúnasa 2020, tráth a raibh glactha leis fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge, dúirt ollamh amháin nár ainmníodh, gur fhág an riachtanas teanga go raibh leithcheal á dhéanamh ar mhná san ollscoil.

Dúradh go raibh deireadh curtha leis an riachtanas Gaeilge do phoist léachtóireachta, bainistíochta agus do ról an Uachtaráin san ollscoil le roinnt blianta anuas agus nach raibh an riachtanas ann anois ach i gcás roinnt postanna riaracháin.

Mheas an tOllamh gur mná a bhí i bhformhór mór na ndaoine a bhí ag cur isteach ar na poist riaracháin sin agus gur fhág sin gur leithcheal ar bhonn inscne a bhí ar bun.

Luadh cinneadh conspóideach OÉ Gaillimh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost na huachtaránachta i gcuid mhaith de na gearáin a rinneadh leis an ollscoil.

Dúirt duine amháin, a rinne gearán mí Dheireadh Fómhair 2017, go raibh OÉ Gaillimh i mbun “leithcheala aisiompaithe” agus an riachtanas Gaeilge ann do phostanna riaracháin áirithe ach gan é a bheith i bhfeidhm do phostanna níos sinsearaí.

“Are low paid administrative jobs deliberately being set aside for Irish speakers, while higher paid jobs are open to non-Irish speakers? Does this really enhance the University’s profile as a bi-lingual university?” a d’fhiafraigh duine a bhí ag obair san ollscoil ar bhonn sealadach ach a mheas nach bhféadfadh sé/sí cur isteach ar phost lánaimseartha de bharr an riachtanais teanga.

Mar thoradh ar an ngearán sin, d’iarr oifig comhionannais agus éagsúlachta na ollscoile go ndéanfaí an riachtanas a fhiosrú agus cuireadh tuairisc ar fáil do Rúnaí na hOllscoile ag an am, Gearóid Ó Conluain.

Dúirt Aoife Cooke, Ceann na gComhdeiseanna san ollscoil, go raibh imní ann go bhféadfadh go raibh an riachtanas Gaeilge leithchealach ar bhonn cine. Dúirt sí gurb í “rogha láidir” na hollscoile an fhadhb a réiteach “go hinmheánach” mar go bhféadfaí agóid a thabhairt chuig Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC).

I bhfreagra a thug sé ar an ngearánach mí Márta 2018, dúirt Rúnaí na hOllscoile go raibh bonn reachtúil ag an riachtanas teanga agus go raibh freagracht ar leith ar OÉ Gaillimh ó thaobh tacú leis an nGaeilge agus í a chur chun cinn.

Mar sin féin, dúirt sé go raibh a oifig ag déanamh athbhreithniú ar an riachtanas.

Luadh i roinnt de na gearáin nach raibh an Ghaeilge ag teastáil riamh ó dhaoine a bhí ag obair i bpoist riaracháin,

Duine amháin a bhí ag obair le ceathrar riarthóirí eile san ollscoil le 15-20 bliain, dúirt nach raibh cúis ag aon duine acu Gaeilge a úsáid oiread agus uair amháin sna blianta sin.

D’iarr ollamh eile ar Rúnaí na hOllscoile maolú a dhéanamh ar an riachtanas ach a mbeadh riarthóir á earcú ina rannóg. Dúradh nár úsáid an té a bhí sa phost aon Ghaeilge sna 13 bliain a raibh an t-ollamh ag obair in OÉ Gaillimh. Mura bhfaighfí réidh le riachtanas na hinniúlacht sa Ghaeilge, d’iarr an t-ollamh go dtabharfaí bliain don té a bhí le ceapadh sa phost chun an cumas teanga a bhí ag teastáil a bhaint amach.

Arís, dúirt Rúnaí na hOllscoile go raibh an polasaí go mbeadh “leibhéal an-bhunúsach” Gaeilge ag riarthóirí grád 1-3 bunaithe ar reachtaíocht.

Dúirt sé go ndearnadh iarracht agóid dhlíthiúil a thabhairt in aghaidh an riachtanais roinnt blianta ó shin ach nár éirigh léi. Thug sé le fios arís, áfach, go raibh obair ar bun chun an riachtanas a dhéanamh níos “solúbtha”.

Nuair a tháinig cinneadh OÉ Gaillimh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge chun solais níos luaithe i mbliana, shéan Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, gur laghdú ar stádas na teanga san ollscoil a bhí i gceist.

Dúirt sé go ndearnadh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas mar chuid de phlean feabhas a chur ar sheirbhísí dátheangacha ar an gcampas.

Dúirt Ó hÓgartaigh go bhfuil an ollscoil ag iarraidh seirbhís níos fearr a chur ar fáil trí Ghaeilge agus a chinntiú go mbeadh ar a laghad duine amháin ar ardchaighdeán Gaeilge fostaithe i ngach rannóg, seachas grúpa mór daoine nach raibh acu ach beagán Gaeilge.

I straitéis Gaeilge nua na hOllscoile a seoladh an mhí seo caite, luaitear go bhfuil sé mar aidhm ag OÉ Gaillimh go mbeadh 20% den fhoireann phroifisiúnta ábalta a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge

Níos mó