![liu-lunasa-agus-imeachtai-eile](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F08%2F43484-liu-lunasa-agus-imeachtai-eile.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=e386d8ca)
Liú Lúnasa agus imeachtaí eile
Liú Lúnasa 2021
Aoine 27 Lúnasa @20:30
Inniu an chéad lá den fhéile Liú Lúnasa i mBéal Feirste agus imeachtaí ar siúl ar feadh an deireadh seachtaine. Beidh an comórtas mór filíochta ‘Slam Filíochta Liú Lúnasa’ ar siúl anocht agus é á chraoladh beo ar na meáin shóisialta. Tá filí ó gach cearn den tír agus níos faide i gcéin tar éis píosaí nua a chumadh don chomórtas. Ta duais £500 agus ticéad d’Fhéile na Gealaí 2022 le bronnadh ar an mbuaiteoir.
Chomh maith leis an Slam beidh ceolchoirm Liú Lúnasa agus Painéal Cainte ar siúl i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Árainn agus Conamara i 1921 – Féile na bhFlaitheartach
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2021/08/liam-o-flaithearta2-1-1024x512.jpg)
Satharn 28 Lúnasa @12:00
Beidh imeachtaí stairiúla ar siúl in Árainn an deireadh seachtaine seo. Ag Gort na gCapall, beidh an staraí Cormac Ó Comhraí ag labhairt faoin saol ar na hoileáin céad bliain ó shin. Beidh léamh agus ceol le Máirín Mhic Lochlainn, Treasa Ní Mhiolláin & Joey Ó Flatharta ar siúl freisin.
Beidh na himeachtaí ar fad ar siúl amuigh faoin aer.
Opera Faoin Aer
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2021/08/comhlacht-forbartha-inis-meain-1024x563.png)
Satharn 28 Lúnasa & Domhnach 29 Lúnasa @21:00
Tá an samhradh fós linn agus solas fós ann go déanamh sa spéir agus ta scannáin le feiceáil siar i gConamara an deireadh seachtaine seo. Beidh Comhlacht Forbartha Inis Meáin ag reachtáil Pictiúrlann Faoin Aer i nDún Chonchúir tar éis luí na gréine! Ní gá ticéad a chur in airithe do na taispeántais agus cuirfear cathaoireacha agus cluasáin ar fáil.
GaelGÁIRÍ ar chúl an tí…
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2017/10/gaelgairi.jpg)
Déardaoin 2 Meán Fómhair @20:00
Agus imeachtaí san fhíorshaol ag teacht ar ais, beidh oíche grinn ag GaelGÁIRÍ i gcroílár na hardchathrach an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh seó acu i ngairdín Club Chonradh na Gaeilge.
Ticéad ar fáil anseo.