Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ni-chreidim-a-bhfuil-ag-tarlu!’-–-bonn-airgid-ar-a-laghad-buaite-ag-kellie-harrington-ag-na-cluichi-oilimpeacha

‘Ní chreidim a bhfuil ag tarlú!’ – bonn airgid ar a laghad buaite ag Kellie Harrington ag na Cluichí Oilimpeacha

| Tuairisc.ie | , , ,

Tá bonn airgid ar a laghad buaite ag an dornálaí Kellie Harrington ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo agus an beart déanta aici ina babhta leathcheannais sa staid Ryogoku Kokugikan ar maidin.

Fuair Harrington, arb as Rae Portland, sa gceantar thoir thuaidh de lár na príomhchathrach di,  an ceann is fearr ar Sudaporn Seesondee na Téalainne.

Chuir bean na hÉireann tús mall leis an dtroid ach bhí sí go mór istigh léi féin ina dhiaidh sin, a ag freagairt ionsaithe Seesondee le húic shlachtmhara.

Taispeántas an-chumasach a bhí ann agus i bhfeabhas a chuaigh sí de réir mar a chuaigh an troid ar aghaidh.

Bua ar phointí de bhreith mhóraimh a bhí aici sa deireadh.

Agus áit sa táin cheana féin aici, tá seans anois ag Harrington ar bhonn óir a bhuachan Dé Domhnaigh.

Tabharfaidh sí aghaidh sa bhabhta ceannais ar Beatriz Ferreira na Brasaíle, a raibh bua bog aici ina babhta ceannais siúd in aghaidh Mira Potkonen na Fionlainne.

Dúirt Harrington gur deas léi údar ceiliúrtha a thabhairt do dhaoine.

“Is léir gur gaisce mór a atá ann ach déarfaidh mé an méid seo leo leat, is cuma cén dath atá ar an mbonn ach aoibh an gháire a chur ar mhuintir na tíre. Bíodh an an bua agam inniu nó ná bíodh déarfainn leo a bheith gealgháireach i gcónaí mar is iontach an t-aistear é agus tá sé iontach ar fad a bheith in ann ardú meanman a thabhairt do dhaoine.

“Tuigim nach bhfuil cuma an-sásta ar fad orm ach sin agat na mothúcháin go léir atá ionam…Ní chreidim a bhfuil ag tarlú!”

Kellie Harrington na hÉireann aghaidh Sudaporn Seesondee na Téalainne  ©INPHO/James Crombie

Dúirt sí le RTÉ gur troid theaicticiúil a bhí ann in aghaidh bhean na Téalainne.

“Throid mé in aghaidh Sudaporn i mbabhta ceannais an domhain in 2018 agus breith mhóraimh 3-2 a bhí ann an uair sin,  ní raibh mórán eadrainn. Cluiche fichille a bhí ann an uair sin agus cluiche fichille a bhí ann arís inniu. Is iontach an bhean í.”

Tá Harrington ag súil go mór leis an mbabhta ceannais Dé Domhnaigh.

“Troid mhór a bheidh ann. An rud a bheidh, beidh sé. Beidh sé iontach… tá mé ag súil leis. Labhróidh mé leis na cóitseálaithe faoi, labhróidh mé le Neol Burke faoi, agus déanfaimid plean a cheapadh…”

“Faoi mar a deir mo dheartháir, ní bhíonn slua mór ann an míle deireanach den bhóthar. Sin mar a bhraitheann sé uaireanta, bíonn sé uaigneach. Ach sin an difríocht is dócha – a bheith ábalta fanacht inti agus coinneáil ort.”

“Hakuna Matata” a dúirt Kellie Harrington ag deireadh a hagallaimh agus í ag déanamh gáire.

Frása Svahaílise é sin atá le cloisteáil sa scannán The Lion King agus atá mar chineál mana aici ag na cluichí.

‘Ná bíodh imní ort’ nó ‘Tóg go bog é’ a chiallaíonn sé.

Níos mó