Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘nior-choir-do-dhaoine-nach-bhfuil-an-vacsain-faighte-acu-freastal-ar-chluiche-ceannais-na-heireann’-–-holohan

‘Níor chóir do dhaoine nach bhfuil an vacsaín faighte acu freastal ar chluiche ceannais na hÉireann’ – Holohan

Deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, nár chóir do dhaoine nach bhfuil an vacsaín faighte acu freastal ar ócáidí amhail cluiche ceannais na hÉireann.

Dúirt an Dr Holohan an méid sin tráthnóna nuair a ceistíodh é faoi na sluaite a bhailigh le chéile do chluiche ceannais iománaíochta na hÉireann Dé Domhnaigh agus faoin gcomhairle a bheadh aige i dtaobh an chluiche ceannais peile ar an 11 Meán Fómhair.

Dúirt sé gurb í “an chomhairle stuama ó thaobh na sláinte poiblí” ná nár cheart d’aon duine nach bhfuil an tsnáthaid faighte acu freastal ar ócáidí dá leithéid.

Ba thábhachtaí an chomhairle sin, a dúirt sé, sa chás go mbeadh duine nach raibh vacsaínithe ag cuimhneamh ar thaisteal ar an gcóras iompar poiblí chuig cluiche nó ar bhualadh le daoine eile chun dul ag ól nó ag ithe roimh nó i ndiaidh na hócáide. Dúirt sé nach ar chluichí CLG amháin a bhí sé ag caint ach faoi ócáidí d’aon saghas.

1,571 cás eile den víreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

307 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 55 acusan in aonad dianchúraim, laghdú ó 60 inné.

Beidh idir ceithre agus sé seachtaine eile ann sula mbeidh an chosaint is fearr ar féidir ag an bpobal ón Covid-19, a deir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis nach mbeadh sé “sábháilte” go dtí sin fáil réidh le srianta áirithe amhail an pas vacsaíne.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET gur galar anois é an Covid-19 atá á tholgadh den chuid is mó ag aosaigh óga nach bhfuil an tsnáthaid faighte acu.

Dúirt Nolan go raibh an mhaidhm seo éagsúil ó na cinn eile. “Maidhm mhór mhall a atá againn anois,” ar sé.

Dúirt sé gur fhág líon ard na gcásanna i ngach contae go mbeadh dúshlán roimh an seirbhís sláinte go ceann roinnt seachtaine ach gurb é “an dea-scéal” ná go raibh an-chosaint ag an bpobal de bharr na vacsaíní.

1,814 cás den Covid-19 a fógraíodh ar an meán gach lá le cúig lá anuas agus 526 cás in aghaidh gach 100,000 duine ráta coicíse an ghalair.

Bhain 70% de na cásanna nua a fógraíodh inniu le daoine nach raibh aon vacsaín faighte acu nó le daoine nach raibh an dara dáileog faighte acu. Maidir leis na daoine a fuair an galar cé go raibh an vacsaín faighte acu daoine níos sine a bhí ina bhformhór.

Idir 0-2% atá ráta fáis an ghalair anois i gcomparáid le 5% mí Iúil.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu  gur dóigh leis go mbeidh deireadh curtha leis na srianta deireanacha Covid-19 faoin Nollaig.

Tá sé i gceist ag an Rialtas plean a fhoilsiú an tseachtain seo chugainn do scaoileadh na srianta deireanacha.

“Is é ba mhaith linn ná na srianta go léir a scaoileadh chomh tapa agus is féidir,” a dúirt an tAire Sláinte.

Dúirt sé go mb’fhéidir go bhfágfadh an chomhairle faoin tsláinte phoiblí go gcaithfí roinnt srianta a choimeád ar feadh tamaill. D’fhéadfadh, mar shampla, go mbeadh ar dhuine masc a chaitheamh in áiteanna áirithe.

Beidh cruinniú amárach ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí chun an chomhairle a chuirfidh siad ar an Rialtas a phlé.

Dúirt Donnelly go raibh sé ag súil níos mó “cinnteachta” a thabhairt d’earnálacha áirithe.

“B’uafásach an bhliain go leith a bhí ann. Tá an chuid is mó den tsochaí agus den gheilleagair oscailte ach tuigimid go bhfuil rudaí áirithe nach bhfuil, earnálacha a d’fhulaing go mór agus is é atá uainn ná cabhrú leo oscailt chomh luath agus is féidir.”

Nuair a fiafraíodh de Donnelly an mbeadh gach rud oscailte roimh an Nollaig, dúirt sé go mbeifí ag brath ar NPHET i gcomhar dátaí ach gur cinnte gurb é an dearcadh atá ann ná go scaoilfear na srianta deireanacha i mbliana.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid inniu go raibh an vacsaín iomlán faighte ag 86% de dhaoine fásta agus dáileog amháin faighte ag 91%.

1,638 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh 12 duine eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,311 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

373 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 41 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,258,640 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,136,902 duine.

Níos mó