Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
iarrtha-ag-ceannaire-shinn-fein-ar-an-taoiseach-bata-agus-bothar-a-thabhairt-do-coveney

Iarrtha ag ceannaire Shinn Féin ar an Taoiseach bata agus bóthar a thabhairt do Coveney

| Tuairisc.ie | ,

Tá iarrtha ag ceannaire Shinn Féin ar an Taoiseach bata agus bóthar a thabhairt don Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney.

Dúirt Mary Lou McDonald nach raibh iompar Coveney i leith na conspóide faoi cheapachán Katherine Zappone mar thoscaire speisialta sách maith d’aire rialtais ar bith.

Mura mbrisfeadh an Taoiseach Micheál Martin an tAire as a phost chuimhneodh Sinn Féin ar rún mímhuiníne a chur síos sa Dáil in aghaidh Coveney, a dúirt ceannaire Shinn Féin.

“D’fhéadfadh gurb é sin a tharlódh sa deireadh,” a dúirt sí le RTÉ.

“Tá ráite ag an Taoiseach go raibh an an tAire Coveney mícheart, nach raibh a chuid iompair ceart, agus mar sin sí an cheist ná cad a dhéanfaidh an Taoiseach faoi seo. Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil an Taoiseach i gceannas ar an Rialtas go léir agus ní an chuid de a bhaineann le Fianna Fáil amháin.

“Is gá go mbeadh an fhreagracht i gcroílár an Rialtais, is gá pionós cuí a ghearradh ar an Aire Coveney. Ní mór don Taoiseach gníomh a dhéanamh, is dóigh liom go gcaithfidh sé cur síos soiléir a dhéanamh inniu ar a bhfuil i gceist aige a dhéanamh, agus mura bhfuil sé sásta gníomh a dhéanamh, déanfaidh Sinn Féin é,” arsa ceannaire Shinn Féin.

Dúirt Mary Lou McDonald go raibh sé deacair a shamhlú go bhféadfadh Simon Coveney fanacht ina aire i bhfianaise an méid a bhí tarlaithe le hocht seachtaine anuas. Mháigh sí nach raibh aon iontaoibh ag aon duine as an leagan den scéal a bhí á insint ag an Aire go dtí seo.

Ghabh Simon Coveney leithscéal inné as “náire pholaitiúil” a tharraingt ar an Rialtas agus as a bheith “sleamchúiseach” i dtaobh na conspóide faoi cheapachán Katherine Zappone.

Bhí Coveney os comhair Choiste Gnóthaí Eachtracha an Oireachtais den dara huair le seachtain chun ceisteanna a fhreagairt faoin gconspóid.

Tháinig sé chun solais an tseachtain seo gur ghabh an t-iar-aire Katherine Zappone buíochas le Coveney i mí an Mhárta as post mar thoscaire speisialta chuig na Náisiúin Aontaithe. B’in ceithre mhí sula bhfuair an Taoiseach amach faoin scéal.

Ba chosúil nach raibh an t-eolas sin ag teacht leis an gcuntas a thug Coveney ar an scéal roimhe seo. Ghéill an tAire Gnóthaí Eachtracha ar maidin go ndearna sé botúin i leith na heachtra, ach shéan sé gur thairg sé an post do Zappone i mí an Mhárta.

Sheol Katherine Zappone téacs go dtí Coveney mí an Mhárta ag gabháil buíochais ó chroí leis as an bpost a fháil di.

Dúirt Coveney nár lorg Zappone post uaidh ach gur lorg sí comhairle uaidh ar an 22 Feabhra faoi dhul ag obair le USAID i réimse chearta na mban agus LGBTQ+. Phléigh sé an scéal le hArd-Rúnaí a Roinne Niall Burgess agus cúpla lá ina dhiaidh sin dúirt an tArd-Rúnaí gurbh fhiú smaoineamh faoi phost a chruthú do thoscaire speisialta LGBTQ+ chuig na Náisiúin Aontaithe. Luaigh Coveney ansin le Katherine Zappone go rabhthas ag cuimhneamh ar an ról nua a bhunú agus d’fhiafraigh sé di an mbeadh suim aici ina leithéid dá mbunófaí é.

Ba é an téacs sin a spreag an teachtaireacht inar ghabh Katherine Zappone buíochas le Coveney as an deis a thabhairt di ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann.

Thug Coveney le fios go raibh míthuiscint ar Zappone, áfach, agus nach post a bhí ann ag an bpointe sin ach “coincheap”. Ghéill Coveney gur cheart dó a mhíniú “níos soiléire” do Zappone go raibh go leor oibre le déanamh ag a Roinn maidir le bunú an phoist sula bhféadfaí aon tairiscint a dhéanamh.

Níos mó