Tá leithscéal gafa ag Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha, as “náire pholaitiúil” a tharraingt ar an Rialtas agus as a bheith “sleamchúiseach” i dtaobh na conspóide faoi cheapachán Katherine Zappone.
Bhí Coveney os comhair Choiste Gnóthaí Eachtracha an Oireachtais don dara huair le seachtain chun ceisteanna a fhreagairt faoin gconspóid.
Tháinig sé chun solais an tseachtain seo gur ghabh an t-iar-aire Katherine Zappone buíochas le Coveney mí an Mhárta as post mar thoscaire speisialta chuig na Náisiúin Aontaithe. B’in ceithre mhí sula bhfuair an Taoiseach amach faoin scéal.
Ba chosúil nach raibh an t-eolas sin ag teacht leis an gcuntas a thug Coveney ar an scéal roimhe seo. Ghéill an tAire Gnóthaí Eachtracha ar maidin go ndearna sé botúin i leith na heachtra, ach shéan sé gur thairg sé an post do Zappone i mí an Mhárta.
Sheol Katherine Zappone téacs go dtí Coveney mí an Mhárta ag gabháil buíochas ó chroí leis as an bpost a fháil di.
Dúirt Coveney nár lorg Zappone post uaidh ach gur lorg sí comhairle uaidh ar an 22 Feabhra faoi dhul ag obair le USAID i réimse chearta na mban agus LGBTQ. Phléigh sé an scéal le hArd-Rúnaí a Roinne Niall Burgess agus cúpla lá ina dhiaidh sin, dúirt an tArd-Rúnaí gurbh fhiú smaoineamh faoi phost a chruthú do thoscaire speisialta LGBTI+ chuig na Náisiúin Aontaithe. Luaigh Coveney ansin le Katherine Zappone go rabhthas ag cuimhneamh ar an ról nua a bhunú agus d’fhiafraigh sé di an mbeadh suim aici ina leithéid dá mbunófaí é.
Ba é an téacs sin a spreag an teachtaireacht inar ghabh Katherine Zappone buíochas le Coveney as an deis a thabhairt di ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann.
Thug Coveney le fios go raibh míthuiscint ar Zappone, áfach, agus nach post a bhí ann ag an bpointe sin ach “coincheap”. Ghéill Coveney gur cheart dó a mhíniú “níos soiléire” do Zappone go raibh go leor oibre le déanamh ag a Roinn maidir le bunú an phoist sula bhféadfaí aon tairiscint a dhéanamh.
Dúirt Coveney nár labhair sé arís le Katherine Zappone go dtí an 19 Iúil agus mhaígh sé gur léirigh na cáipéisí inmheánacha a cuireadh ar fáil an tseachtain seo a cháiréisí is a bhí a Roinn faoi bhunú an phoist agus faoi na buntáistí a bhainfeadh lena leithéid d’Éirinn.
Dúirt Coveney go raibh an chonspóid ag dul ar aghaidh rófhada agus gur chóir deireadh a bheith curtha léi roimhe seo le míniú soiléir inchreidte.
Dúirt John Brady, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, gur “cleasaíocht pholaitiúil ar an seandéanamh” a bhí i gceist.
“A Aire, chuir tú ar mhíthreoir an coiste an tseachtain seo caite nuair a dúirt tú nár inis tú aon rud le Katherine Zappone,” arsa Brady.