Ní fhéadfaí “fiú smaoineamh” ar chúrsa Ardteiste níos dúshlánaí a thabhairt isteach gan cúiteamh a thabhairt do dhaltaí, a dúradh ag cruinniú i dTithe an Oireachtais inné.
Ionadaí ó Bhoird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) a dúirt an méid sin ag cruinniú de Choiste Oideachais an Oireachtais faoi leasú scrúdú na hArdteisiméireachta.
Dúirt Paddy Flood go raibh an ETBI bródúil as an nGaeilge a chur chun cinn ina cuid scoileanna ach go mbeadh imní air faoi thodhchaí na Gaeilge i scoileanna na heagraíochta dá gcuirfí athruithe ar an siollabas i bhfeidhm mar atá beartaithe.
“Má chuirtear córas na Sraithe Sóisearaí, leis an tsonraíocht níos dúshlánaí, i bhfeidhm sa tSraith Shinsearach, ní fhéadfá fiú smaoineamh go mbeadh ar ghrúpa amháin daltaí caighdeán acadúil i bhfad níos airde a bhaint amach gan cúiteamh breise a thabhairt dóibh,” a dúirt Flood.
Dúirt Paul Crone ón gCumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha nach bhféadfaí a rá cén tionchar a bheadh ag na hathruithe ar shiollabas na hArdteiste mar nach raibh aon athbhreithniú déanta go fóill ar chúrsaí nua na Sraithe Sóisearaí.
Dúirt sé nach raibh sé soiléir cén tionchar a bhí ag na siollabais nua ar rátaí rannpháirtíochta agus, gan athbhreithniú a bheith déanta, nach raibh sé soiléir cén tionchar a bheadh acu ar an tSraith Shinsearach.
Dúirt Crone chomh maith ag an gcruinniú céanna gur ábhar “imní” é gur shocraigh 42% gan tabhairt faoi scrúdú Gaeilge i mbliana agus grád measta amháin a fháil, céatadán níos airde ná aon ábhar eile seachas an eolaíocht talmhaíochta agus an t-oideachas reiligiúnach.
“In 2021, shocraigh 58% de dhaltaí na hArdteiste an scrúdú scríofa a dhéanamh sa Ghaeilge. Cúis mhór imní atá ansin, go háirithe d’ábhar éigeantach.”
Dúirt Crone, áfach, go mb’fhéidir gurb é an rud is mó a chuirfeadh bac ar aon fhorbairt ar theagasc na Gaeilge ná an easpa múinteoirí cáilithe.
“D’fhéadfadh go mbeadh an fíorghanntanas múinteoirí chun an Ghaeilge a mhúineadh agus chun ábhair eile a mhúineadh trí mheán na Gaeilge ina bhac ar aon phleanáil maidir le forbairt na Gaeilge agus a Gaelscolaíochta,” a dúirt sé.
Moladh chomh maith don choiste gur chóir fáil réidh le scrúduithe cainte na hArdteiste, an scrúdú cainte Gaeilge san áireamh, agus measúnú leanúnach a chur ina n-áit. An múinteoir Gaeilge nó teanga eile a dhéanfadh an measúnú ar feadh dhá bhliain ar líofacht cainte an dalta.
Dúirt John Irwin, Ard-Rúnaí Chumann na Scoileanna Pobail is Cuimsitheachta (ACCS), gur fearr an córas a bheadh ann chun líofacht an dalta a mheas agus gur lú an strus a bhainfeadh leis don dalta i gcomparáid leis an scrúdú cainte traidisiúnta.
Tá díospóireacht ar siúl le tamall faoin bplean dhá chúrsa nua a Gaeilge thabhairt isteach don Ardteist – sonraíochtaí T1 agus T2 — ceann don ghnáthscoil Bhéarla agus ceann a deirtear a bheidh oiriúnach do dhaltaí scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.
Foilsíodh mí Feabhra an dá shiollabas nua – sonraíocht T1 do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 do scoileanna Béarla – ach tá grúpaí áirithe buartha nach mór an fonn a bheidh ar dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu tabhairt faoin gcúrsa níos dúshlánaí mura mbeidh pointí breise le tuilleamh acu mar chúiteamh.
Tá próiseas comhairliúcháin ar siúl faoi láthair faoi na cúrsaí, próiseas a dtiocfaidh deireadh leis ar an 30 Samhain.
Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív an samhradh seo caite go mbeadh sé ‘craiceáilte’ cúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist gan marcanna bónais.
Bhí a leithéid de phlean chomh “craiceáilte” agus a bheadh sé an luach saothair céanna a bheith ag imreoir iomána nó peile as cúl nó cúilín a scóráil, a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.
Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb í an teip atá i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise le fáil as.
Deirtear i dtaighde a rinne Lárionad Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad faoi chúrsa Gaeilge na hArdteiste gur ceist mhór í ceist an éilimh a bheidh ar an gcúrsa nua Ardteiste do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Tá ráite ag an Aire Oideachais Norma Foley nach dtabharfaidh sí a tuairim faoin gceist go dtí mí na Samhna ar a thúisce, tráth a mbeidh deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin.