Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
sceim-tithiochta-soisialta-stoptha-ag-comhairleoiri-fhianna-fail-i-gconamara

Scéim tithíochta sóisialta stoptha ag Comhairleoirí Fhianna Fáil i gConamara

Tá stop curtha ag Comhairleoirí Contae as Conamara le forbairt tithíochta sóisialta sa Ghaeltacht.

31 teach nua sóisialta do cheantar Mhaigh Cuilinn a bhí i gceist ach chuir formhór Chomhairleoirí Chonamara in aghaidh na forbartha.

Caint thréan a  bhí ann scaití nuair a tarraingíodh anuas ceist na dtithe seo, a bhí ceaptha a dhul ar shuíomh gar do Bhóthar an tSléibhe, beagán ó dheas de shráidbhaile Mhaigh Cuilinn.

Chuir Noel Thomas, an Comhairleoir de chuid Fhianna Fáil as ceantar Mhaigh Cuilinn, a chosa i dtaca ar an bpointe boise.  Dúirt sé go raibh iarratais phleanála ar scéimeanna tithe gar go maith do láthair na scéime seo diúltaithe cheana ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.  “Ní raibh achar ar bith idir an suíomh seo atá á bhrú orainn anois agus cuid de na scéimeanna a diúltaíodh roimhe seo,” a deir an Comhairleoir Thomas.

Dúirt sé freisin go raibh baol mór fuarlaigh thart ar an suíomh gar do Bhóthar an tSléibhe agus chaith sé amhras ar chuid den eolas a bhí sa tuarascáil innealtóireachta a chuir feidhmeannaigh na Comhairle ar fáil.  “Ní fiú agus go bhfuil an tuarascáil sínithe. Tuige?” a d’fhiafraigh an Comhairleoir Thomas.

Dúirt Eileen Mannion, Comhairleoir de chuid Fhine Gael as an gClochán, go mb’ait an cás é go raibh an chosúlacht ar an scéal go raibh daoine ann a bhí in aghaidh na scéime tithíochta.  “Nach bhfuil sé soiléir do chuile dhuine beo go bhfuil easpa tithe cónaithe ar an bhfadhb is measa atá againn sa tír seo anois?

“Ní bheinn ag iarraidh go mbeadh baint ar  bith agam le duine ar bith a chuirfeadh in aghaidh na scéime tithíochta seo,” a deir an Comhairleoir Mannion.

Ní maith a thaitin an sáiteán sin le Dáithí Ó Cualáin, Comhairleoir eile de chuid Fhianna Fáil.  Ní raibh “toirt ná téagar” sa gcineál sin cainte, a mhaígh Ó Cualáin.

Bhí sé ag éirí níos soiléire faoin am seo go raibh ceathrar Comhairleoirí Fhianna Fáil i dtoghcheantar Chonamara leagtha ar vótáil in aghaidh an phlean tithíochta sóisialta gar do Bhóthar an tSléibhe.

Seo in ainneoin go ndúirt an Taoiseach agus ceannaire Fhianna Fáil, an Taoiseach Micheál Martin, le déanaí go raibh sé i gcoinne polaiteoirí a bheith ag cur in aghaidh forbairtí agus géarchéim tithíochta ann.

Chomh maith leis sin, chuir a chomhghleacaí rialtais, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, an tAire Eamon Ryan, litir amach chuig Comhairlí Contae na tíre le déanaí ag achainí orthu a bheith “bord ar bhord” leis an Rialtas san iarracht le tithe a chur ar fáil. “Row in and support the Government”, arsa an tAire Ryan.

Ag an gcruinniú de chomhairleoirí Chonamara, dúirt Alistair McKinstry, Comhairleoir de chuid an Chomhaontais Ghlais as Maigh Cuilinn, go mba áit chónaithe an-mhaith a bheadh i scéim Bhóthar an tSléibhe.   “Bheifeá buailte ar shiopaí agus ar shaoráidí an tsráidbhaile ansin agus ní bheadh ort carr a úsáid…Caithfidh daoine teannadh isteach i mbailte móra,”  arsa an Comhairleoir McKinstry.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Séamas Breathnach, Fianna Fáil, cathaoirleach choiste Comhairleoirí Chonamara nárbh amhlaidh go rabhthas ag cúlú ón gcuspóir tithe a thógáil faoin tuath. “Tuigeann muid go bhfuil tú daingean i do chlaonadh i bhfabhar daoine a chur isteach i mbailte móra ach cuimhnigh  go bhfuil muide chomh daingean céanna ar an intinn gur fiú agus gur ceart na pobail tuaithe a chosaint agus a neartú.

“Caithfear tithe a thógáil faoin tuath leis an gcuspóir sin a bhaint amach agus níl muid ag cúlú ón  gcuspóir sin.”

Bhí an lasóg sa bharrach faoin tráth gur labhair Bainisteoir Tithíochta na Comhairle, Liam Hanrahan.  Dúirt seisean go raibh geall le 250 iarratas istigh ar thithe sóisialta sa gceantar as Bearna anoir, amach go Maigh Cuilinn agus siar as sin go hUachtar Ard.  Ba mhór an lear é sin, arsa Liam Hanrahan, agus bheadh teach ag 31 de na hiarrthóirí seo dá dtacódh na Comhairleoirí leis an bplean.

Bhí beart an-tromchúiseach agus an-spéisiúil sa gcóras rialtais áitiúil le láimhsiú ag na Comhairleoirí ansin.  Tarlaíonn sé sa mhúnla nua oibre atá ag na Comhairleoirí gur féidir leis na Comhairleoirí áitiúla an focal deiridh a bheith acu i gcás mar seo atá á láimhsiú faoi théarma Mhír 8 den chóras pleanála.   Na Comhairleoirí áitiúla – as Conamara sa gcás seo –– a shocraíonn cén deireadh a bheidh le cúrsaí agus ní théann an t-ábhar faoi Mhír 8 faoi bhráid na gComhairleoirí Contae ar fad.

Bhí na Comhairleoirí seo a leanas i gcoinne na scéime tithíochta:  Noel Thomas, Séamus Breathnach, Gerry King agus Dáithí Ó Cualáin (Fianna Fáil) agus Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtach).

I bhfabhar na scéime tithíochta bhí Eileen Mannion agus Pádraig Mac an Iomaire (Fine Gael), Tom Welby (Neamhspleách) agus Alistair McKinstry (An Comhaontas Glas). Cúig in aghaidh a ceathair toradh na vótála mar sin agus bhí na tithe curtha de dhroim seoil.

Meastar gur iarraidh mhór í seo do phleananna Chomhairle Chontae na Gaillimhe don tithíocht shóisialta taobh thiar den Choirib.

Níos mó