Tá na Gardaí ag achainí ar an bpobal cabhrú leo teacht ar bhean Ghaeltachta atá ar iarraidh ón lá inné i mBaile Átha Cliath, mar a bhfuil cónaí uirthi.
Chonacthas go deireanach Neasa Hegarty, atá 69 bliain d’aois, i gceantar Ascaill Chnoc Mhuirfean sa Charraig Dhubh ag thart ar 3.30pm inné, Dé Luain.
Tá Neasa, arb as Baile an Mhóraigh i gCorca Dhuibhne di ó dhúchas, cúig troithe agus bean chaol í. Tá súile glasa aici agus gruaig dhonn uirthi.
Nuair a chonacthas go deireanach í bhí cóta báistí dearg agus bán, jíons dorcha agus bróga reatha bánghorma á gcaitheamh aici.
Is minic a thaithíonn sí ceantar Dhomhnach Broc agus ceantar An Bhaile Ghaelaigh.
Tá imní ar na Gardaí agus muintir Neasa fúithi.
Aon duine a bhfuil aon eolas acu faoi cá bhfuil Neasa faoi láthair, táthar ag iarraidh orthu teagmháil a dhéanamh le stáisiún na nGardaí sa Charraig Dhubh (01 666 5200) nó aon stáisiún eile nó ar Líne Rúnda an Gharda Síochána, 1800 666 111.