Tá Máire Mhac an tSaoi, duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis bháis.
Bhí sí 99 bliain d’aois.
Bhí Máire Mhac an tSaoi, a rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 4 Aibreáin in 1922, ar dhuine de cheannródaithe fhilíocht na Gaeilge sa 20ú haois agus tá a cnuasaigh amhail Margadh na Saoire (1956) agus Codladh an Ghaiscigh (1973) áirithe mar mhórshaothair de chuid litríocht na Gaeilge agus litríocht na hÉireann.
Ceannródaí ab ea í i réimsí eile den saol chomh maith agus ba í an chéad bhean in Éirinn ar glacadh léi mar abhcóide agus rinne sí obair mhór mar thaidhleoir idir 1947-1962 i mBaile Átha Cliath, sa Spáinn, sa Fhrainc agus leis na Náisiúin Aontaithe. Iníon ab ea í le Séan Mac Entee, iarThánaiste agus duine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil.
Bhí sí pósta le Conor Cruise O’Brien, an scríbhneoir aitheanta agus iar-aire rialtais a bhásaigh in 2008.
Ceithre chnuasaigh filíochta a chuir sí amach chomh maith le haistriúcháin ar dhánta de chuid Rilke, obair scolártha, an dírbheathaisnéis The Same Age as the State agus na saothair phróis Cérbh í Meg Russell? agus Scéal Ghearóid Iarla.
Foilsíodh rogha dánta léi, curtha in eagar ag Louis de Paor, The Miraculous Parish/An Paróiste Míorúilteach in 2011.
Rinneadh an scannán Deargdhúil: Anatomy of Passion faoina saothar chomh maith.
Bhí ceangal mór aici le Gaeltacht Chorca Dhuibhne, mar a mbíodh sí ar saoire agus í óg sa teach ar a dtugtaí Tigh na Cille i nDún Chaoin.
Uncail Mháire Mhac an tSaoi, an Moinsíneoir Pádraig de Brún, file agus scoláire aitheanta, a thóg an teach sa bhliain 1920.
“Ancaire samhlaíochta ab ea Tigh na Cille a choinnigh í féin is a cuid filíochta i ngreim sa tsibhialtacht uasal a d’aimsigh sí i nGaeltacht Dhún Chaoin,” a dúirt an file Louis de Paor anuraidh agus é ag moladh go gceannódh an stát an teach.
Dúirt a clann gur cúis mhór bhróin dóibh a bás Mháire Mhac an tSaoi a fhógairt.
“Fuair Máire bás suaimhneach ag tráthnóna Dé Sathairn ag baile, mar a raibh a hiníon Margaret ag tabhairt aire di.
“B’iontach an saol a chaith sí ag am iontach i measc daoine iontacha.”
Maireann a páistí, Patrick agus Margaret, a leasiníon Fedelma agus gaolta agus cairde eile léi.
FOCAL IS FUAIM: Dánta le Máire Mhac an tSaoi á léamh ag an bhfile