Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ta corran-an-bhais-a-bhagairt-ag-foras-na-gaeilge-orainn’-–-cathaoirleach-‘comhar’

‘Tá corrán an bháis á bhagairt ag Foras na Gaeilge orainn’ – Cathaoirleach ‘Comhar’

| Tuairisc.ie | ,

Tá ráite ag Cathaoirleach Bhord Comhar go mbraitheann lucht na hirise aitheanta go bhfuil “corrán an bháis” á “ghéarú” dóibh ag lucht ceannais Fhoras na Gaeilge.

Agus Léacht Uí Chadhain 2021 á tabhairt aréir aige, dúirt Cathaoirleach Comhar, Cathal Goan, go raibh an baol ann go raibh róbhéim á leagan ar fhigiúirí léitheoireachta agus eile mar shlat tomhais ar fhiúntas na meán Gaeilge.

“B’fhiú lucht rialála cumarsáide agus earnáil na Gaeilge a chur leis an liosta sin de dhaoine nach ndeachaigh acu idirdhealú a dhéanamh idir an rud gur cheart a thomhais agus an rud nach féidir a thomhais i dtéarmaí cainníochta amháin,” a dúirt Cathal Goan i Scoil na Gaeilge, an Léann Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Thagair sé don €500,000 a chuireann an Stát ar fáil trí Fhoras na Gaeilge sa bhliain do na meáin scríofa Ghaeilge agus dúirt gur os cionn €800,000 sa bhliain a bhí i gceist go dtí 2010.

“Tá ciorrú 33% déanta ag Foras na Gaeilge in 2021 ar an mhaoiniú a fhaigheann Comhar dá phríomhchúram – foilsiú na hirise míosúla. Ar líne amháin atá an dá mheán clóbhunaithe Gaeilge eile Tuairisc.ie agus NÓS.ie.”

Dúirt iarArd-Stiúrthóir RTÉ agus an chéad cheannasaí ar TG4 gurb ionann an caiteachas iomlán sin agus níos lú ná 1% den mhaoiniú a chuirtear ar fáil do na meáin chraolta Ghaeilge.

Dúirt Goan go ndúradh san eagarfhocal sa chéad eagrán de Comhar, a foilsíodh i mí na Bealtaine 1942, go raibh “tua an bháis” os cionn an tréimhseacháin.

“Níorbh eol dóibh an mbeadh an chéad eagrán eile ag teacht amach an mhí dar gcionn i ngeall ar  Ordú Cumhachta Práinne ón Aire Soláthairtí a bhí le tabhairt i bhfeidhm de bharr gainne páipéir.

“Mar atá a fhios againn, tháinig siad slán mar sin féin.  Cibé faoin tráth úd, braithimid faoi láthair go bhfuil corrán an bháis á ghéarú faoinár gcoinne in Comhar ag lucht ceannais Fhoras na Gaeilge.  Ní gainne páipéir ach malairt tosaíochtaí is cúis lena neamhshuim is cosúil mar aon le himní faoina laghad léitheoirí is atá ag Comhar, más fíor.

Dúirt Goan gur chuir Comhar agus Tuairisc.ie comhaighneacht faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán in Éirinn ní ba luaithe i mbliana inar áitíodh gur meáin seirbhíse poiblí a bhí sna meáin scríofa Ghaeilge chomh maith céanna le Raidió na Gaeltachta agus TG4 agus gur cheart iad a mhaoiniú dá réir.   

B’ábhar “iontais agus díomá” é, a dúirt é,  nár sheol Foras na Gaeilge aon aighneacht faoi ghné ar bith de chás na meán faoi bhráid an Choimisiúin.

Bhí gá agus tábhacht i gcónaí le Comhar, a dúirt Cathal Goan.

“Tuigimid nach mbíonn in aon rud ach seal ach a fhad is tá freastal le déanamh ar lucht léitheoireachta – dá laghad féin é – a bhfuil dúil acu in ábhar aibí dea-scríofa, chítear dúinn gur cheart gach uile iarracht a dhéanamh fanacht i mbun gnímh – óir is sinn an t-aon fhoilseachán clóite atá fágtha ar mairstin agus ag fáil maoiniú díreach stáit.”

Dúirt Goan go raibh ceisteanna go leor le cur faoin meon atá ag daoine i leith na meán Gaeilge.

“Cén luach a chuireann muid, mar sin,  ar Comhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar TG4 mar chuid de bhéascna choimpléascach athraitheach na tíre seo?  Cá lonnaítear iad mar mheáin sa dioscúrsa náisiúnta faoi mheáin seirbhíse poiblí trí chéile?

“An mar a chéile iad na riachtanais s‘againne  agus riachtanais na meán eile? Más teanga bheo phobail í an Ghaeilge nár chóir na méain sin féin ar a laghad a bheith mar dhluthchuid den eiceachóras náisiúnta?  An láidre go mór sinn i bpáirt le páirtithe leasmhara  eile ar cás leo a bhfuil i ndán  do na meáin seirbhíse poiblí eile – más  i mBéarla féin iad – nó ab é ár n-iomaire féin is dual dúinn a threabhadh?”

Maidir lena bhfuil i ndán don chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn, dúirt Goan gur tús fónta a bheadh ann mura molfadh an Coimisiún um Thodhchaí na Meán “rud ar bith eile ach an múnla maoinithe reatha a bhriseadh agus a athmhúnlú agus a mhéadú arís”.

“Cheana féin de réir an bhéadáin ó fhoinsí sceite rialtais, áfach, beidh cuid de na ceannairí polaitiúla glan i gcoinne moltaí an Choimisiúin faoi mhaoiniú RTÉ.

“Níl a fhios agam an ag ceiliúradh fadsaoil na meán Gaeilge uilig mar chuid bheo de phobal beo a bheas muid fá cheann cúig bliana fichead eile nó ag cuimhneamh siar ar thuarascáil an Choimisiúin chéanna mar thaiséadach ar chorpán na meán seirbhíse poiblí in Éirinn.”

Níos mó