Deir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, go mbíonn an méid Gaeilge agus Béarla a bhíonn le cloisteáil ar chláir TG4 ag brath ar “chinntí eagarthóireachta” agus gur do phobal na Gaeilge gach clár a choimisiúnaíonn an stáisiún.
Bhí ceannasaí TG4 ag tabhairt freagra ar shraith ceisteanna a chuir Tuairisc.ie ar an stáisiún faoina pholasaí teanga.
Bhí cur chuige TG4 i leith cúrsaí teanga i mbéal an phobail le déanaí nuair a dúirt ceannasaí bunaithe an stáisiúin Cathal Goan go bhfuil “míshuaimhneas i dtólamh” ann faoin méid Béarla a bhíonn i gcláir áirithe agus go bhfuil na maidí á ligean le sruth acu ó thaobh cúrsaí teanga de.
Nuair d’fhiafraigh Tuairisc de TG4 an raibh polasaí scríofa Gaeilge acu ina leagtar amach, mar shampla, cén céatadán de chláir ba cheart a bheith i nGaeilge, mhaígh Alan Esslemont gur 100% Gaeilge an sprioc ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Siondróm ‘an sagart le Gaeilge a bhí ina mhúinteoir ag Bono’ a thug sé ar na cásanna sin.
“Bíonn polasaithe faoi leith ag gach comhlacht léiriúcháin maidir le cláracha éagsúla, mar shampla, ní ghlacann Ros na Rún le carachtair Bhéarla anois, is annamh an ‘sound-bite’ Béarla a cheadaítear ar Nuacht TG4 agus níl Béarla le cloisteáil ar chláracha do pháistí. Tá go leor polasaithe ann freisin a bhaineann le caighdeán na Gaeilge in ábhar TG4, mar shampla, Gaeilge inchreidte a bheith ag aisteoirí in ábhar drámaíochta.
“Idir ábhar líneach, neamhlíneach, Cine4 agus meáin shóisialta, tá go leor metrics éagsúla ag TG4 i 2021. Agus, tríd is tríd, is é an t-ábhar is mó féachana, an t-ábhar leis an gcéatadán is airde Gaeilge ann, Nuacht, Ros na Rún, 7Lá, GAA Beo, agus Molscéal. Ach, an méid sin ráite, tuigeann na comhlachtaí léirithe nach bhfuil TG4 i bhfabhar an siondróm ‘den sagart le Gaeilge a bhí ina mhúinteoir ag Bono’.”
Mhaígh an tArdstiúrthóir gur ar mhaithe leis an siondróm sin a sheachaint a chinntear cé mhéid Béarla a bhíonn i gclár.
“Chun é sin a mhíniú: má tá rud fada, cuí agus suimiúil le rá ag Bono maidir leis an gcomhoibriú a rinne sé le Máire Ní Bhraonáin, Clannad, b’fhearr linn éisteacht le Bono ina theanga féin, in áit éisteacht le sagart le Gaeilge a bhí ina mhúinteoir ag Bono maidir leis an tuairim atá ag an sagart le Gaeilge a bhí ina mhúinteoir ag Bono maidir le tuairimí Bhono maidir leis an gcomhoibriú a rinne Bono le Máire Ní Bhraonáin agus Clannad.”
“Mar sin, is é an polasaí [teanga] ná: 100% Gaeilge – lúide an siondróim ‘den sagart le Gaeilge a bhí ina mhúinteoir ag Bono’ agus cúiseanna cuí eagarthóireachta eile.”
Dúirt sé gurb é sin an sainmhíniú atá ag TG4 chomh maith ar cad is clár Gaeilge ann. (‘100% Gaeilge lúide ‘an siondróm Bono agus an sagart’.)
Lorg Tuairisc.ie freisin briseadh síos ar an gcéatadán de bhuiséad TG4 a chaitear ar chláir a dhéantar go príomha don chroí-lucht féachana agus iadsan a dhéantar don lucht féachana náisiúnta.
Dúirt Alan Esslemont go gcaitheann TG4 “100% den bhuiséad ábhair i dtreo phobal labhartha na Gaeilge” agus gur léir ón taighde a dhéantar faoin lucht féachana “gurb iad pobal labhartha na Gaeilge is mó a úsáideann na meáin éagsúla Ghaeilge a chuireann TG4 ar fáil”.
Mhaígh Ardstiúrthóir TG4 nach bhfuil an Béarla “tábhachtach” do TG4 ó thaobh lucht féachana a mhealladh.
“Is cinnte gur léirigh an taighde TAM go raibh Béarla an-tábhachtach do TnaG nuair a thosaigh an stáisiún ag craoladh ‘All-Ireland Gold’ i mBéarla i 1997, nuair nach raibh ach TAM mar mhetric.
“Ach níl sé sin fíor do TG4 in 2021. Idir ábhar líneach, neamhlíneach, Cine4 agus meáin shóisialta, tá go leor metrics éagsúla ag TG4 in 2021. Agus, tríd is tríd, is é an t-ábhar is mó féachana, an t-ábhar leis an gcéatadán is airde Gaeilge ann… Ní fheictear an Ghaeilge ina bac ag an lucht féachana agus bíonn méid an lucht féachana ag brath ar chaighdeán an ábhair, ar tharraingteacht an ábhair agus ar an gcomórtas féachana atá ina aghaidh.”
Dúirt Alan Esslemont nach ndéantar an céatadán Gaeilge/Béarla a bhíonn i gcláracha éagsúla a mheas go heolaíoch agus nach n-iarrtar ar lucht déanta na gclár sin a dhéanamh. Ní léir, a dúirt sé, cén teicneolaíocht a bheadh ar fáil chuige sin.
“Ach le cláracha ‘scripted’, is féidir linn a chinntiú roimh ré go bhfuil an céatadán chomh gar do 100% agus is féidir.
“Le cláracha ‘unscripted’ ní féidir a bheith chomh heolaíoch mar braitheann sé ar ‘contributions’ na rannpháirtithe. Ach tá dualgas ar an stiúrthóir a chinntiú go bhfuil cúis eagarthóireachta ann le haghaidh aon contribution i mBéarla.”
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 go gcloíonn sé lucht an stáisiúin leis an mian a bhí ag Micheál D Ó hUigínn do Theilifís na Gaeilge nuair a bunaíodh í.
“Is iomaí cinneadh eagarthóireachta a dhéantar in aon chlár amháin, gan trácht ar sceideal iomlán cláracha bunaithe ar iomaí genre agus iomaí carachtar.
“Leanann lucht eagarthóireachta TG4 an fhís a leag Micheál D Ó hUiginn amach dúinn ar oíche sheolta TnaG: ‘Tá mé ag tnúth leis an am go mbeidh Teilifís na Gaeilge mar rogha ar leith, ní amháin i measc an phobail a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil acu ach freisin i measc mhórphobal na tíre’.”