Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ba-cheart-tastalacha-antaigine-saor-in-aisce-a-thabhairt-do-mhic-leinn-agus-daltai’

‘Ba cheart tástálacha antaigine saor in aisce a thabhairt do mhic léinn agus daltaí’

| kate scott | ,

Mar atá fhios ag chuile dhuine faoin am seo, chuir an rialtas riail i bhfeidhm an tseachtain seo a fhágann go ndúnfar clubanna oíche agus tithe tábhairne ag mean oíche ón oíche seo ar aghaidh. 

Tá na clubanna oíche oscailte le ceithre seachtaine anois agus is léir go bhfuil an rialtas ag cur an locht ar fad orthu as scaipeadh an víris chorónaigh. Ní iontas ar bith é nach bhfuil ach club oíche amháin fágtha i nGaillimh cosúil le go leor cathracha ar fud na tíre. 

Ar ndóigh, dhá nóiméad i ndiaidh don riail a bheith fógartha, bhí Twitter beo le daoine ag magadh faoi Covid a bheith ag fanacht taobh amuigh de na clubanna go dtí an meán oiche agus faoi dhaoine ag triail pionta a chríochnú́ roimh an dó dhéag sula mbéarfadh an víreas orthu. 

Cé go bhfuil na rialacha nua seafóideach, tá údar imní ag baint leo chomh maith. Chonaic gach duine na híomhánna den Phóirse Caoch i nGaillimh i rith an tsamhraidh. Bhí Gaillimh pacáilte le daoine óga a bhí ag ól agus nach raibh áit ar bith acu le dul ach na sráideanna agus na páirceanna. Mar thoradh ar seo tháinig ardú mór ní hamháin cásanna Covid ach ar iompar frithshóisialta. Is é an imní atá ann ná go dtiocfaidh sé seo ar fad ar ais anois, na grúpaí móra, na cóisirí tí, daoine ag troid sna sráideanna agus an t-iompar frithshóisialta go ginearálta. 

Tá an club oíche i mBaile Átha Cliath Pygmalion a bheidh ag tabhairt tástáil antaigine saor in aisce do gach duine a bhfuil ticéad don chlub acu. Déanfaidh tú an tástáil taobh amuigh den chlub agus ligfear isteach thú má bhíonn toradh diúltach agat. 

Má bhíonn toradh dearfach ann, gheobhaidh tú aisíoc ar do thicéad. Simplí go maith. Ar ndóigh, tá ort do theastas vacsaíne a thaispeáint chomh maith agus is maith sin. Is cruthúnas atá sa scéal seo go bhfuil úinéirí clubanna oíche ag obair go crua ionas go mbeidh daoine in ann a bheith sábháilte agus saol sóisialta a bheith acu.

Fós féin, is í an earnáil is mó a bhfuil an rialtas ag cur srianadh uirthi ar maidir le Covid. Tá go leor den tuairim gur cheart don rialtas na tástálacha sin a chur ar fáil saor in aisce mar a dhéantar i dtíortha eile, má tá siad dáiríre faoi chosc a chur ar an scaipeadh. 

Cén chaoi a bhfuil mac léinn nó duine ar bheagán ioncaim in ann €8 a íoc ar tástáil antaigine agus é sin a dhéanamh faoi dhó sa tseachtain mar atá siad a mholadh. An t-aon fhreagra a bhí ag an Rialtas air seo ná, má dhéantar fóirdheontú ar thástálacha antaigin, sin airgead nach bhfuil á chaitheamh ar altraí na tíre.

Ach cén uair a bhac an rialtas le haltraí na tíre roimhe seo? Nach faoiseamh a bheadh ann do na haltraí mura mbeadh an oiread daoine ag teacht isteach sna hospidéil go dona tinn le Covid? 

Dála go leor mic léinn eile, tá imní ormsa go mbeidh orainn ár gcúrsaí a dhéanamh go hiomlán as an mbaile againn agus nach mbeidh cead againn isteach ar an gcampas, rud nach bhfuil na coláistí á iarraidh ach an oiread. Bheadh ciall leis dá gcuirfí na tástálacha ar fáil ar a laghad do mhic léinn agus do dhaltaí, le na coláistí a choinneáil oscailte agus sábháilte. 

Ach go dtí sin, is cinnte go bhfeicfidh sibh mise ag rith amach as na clubanna ar nós Cinderella ag meán oíche, a chairde! 

Níos mó